+Airteagal 42 Glacadh cinntí agus athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe agus ar mholtaí
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.
---+Airteagal 42 6.
|
Airteagal 42 Glacadh cinntí agus athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe agus ar mholtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1.
|
Déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha i réigiún oibríochta córais nós imeachta a fhorbairt chun gníomhaíochtaí comhordaithe agus déanfaidh siad athbhreithniú ar mholtaí arna éisiúnt ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.
|
|
Airteagal 42 2.
|
Eiseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha gníomhaíochtaí comhordaithe d'oibreoirí córas tarchurtha maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 37(1). Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha na gníomhaíochtaí comhordaithe a chur chun feidhme ach amháin i gcás inarb é toradh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhordaithe ná sárú na dteorainneacha slándála oibríochta a a bheidh sainithe ag gach oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha gan gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun feidhme ar na cúiseanna a leagtar amach sa mhír seo, tabharfaidh sé tuairisc thrédhearcach ar na cúiseanna mionsonraithe don lárionad comhordúcháin réigiúnach agus d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach measúnú ar thionchar an chinnidh sin ar na hoibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas agus féadfaidh siad sraith éagsúil gníomhaíochtaí comhordaithe a mholadh faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 1.
|
|
Airteagal 42 3.
|
Eiseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha moltaí a bheidh dírithe ar na hoibreoirí córas tarchurtha maidir leis na cúraimí a liostaítear i bpointe (c) go (p) d'Airteagal 37(1) nó a shanntar i gcomhréir le hAirteagal 37(2). I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha imeacht ó mholadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé bonn cirt faoi bhráid na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus faoi bhráid oibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas, gan aon mhoill mhíchuí.
|
|
Airteagal 42 4.
|
Déanfar athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe nó ar mholadh a thionscnamh arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe nó ar mholadh, déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an beart a dhearbhú nó a mhodhnú.
|
|
Airteagal 42 5.
|
I gcás in bhfuil gníomhaíocht chomhordaithe faoi réir athbhreithnithe i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, ní chuirfidh an iarraidh ar athbhreithniú an ghníomhaíocht chomhordaithe ar fionraí seachas i gcásanna arb é an toradh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhordaithe ná sárú ar na teorainneacha oibríochta slándála a bheidh sainithe ag gach oibreoir córais tarchurtha aonair i gcomhréir leis an treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
|
|
Airteagal 42 6.
|
Ar bhonn togra ó na Ballstáit nó ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 68 de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh Ballstáit i réigiún oibríochta córas a chinneadh go comhpháirteach an inniúlacht chun gníomhaíochtaí comhordaithe a dheonú dá Lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith ceann amháin nó níos mó de na cúraimí dá bhforáiltear i bpointí (c) go (p) d'Airteagal 37(1) den Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|