+Airteagal 48 Plean forbartha gréasáin deich mbliana
---+Airteagal 48 1.
---+Airteagal 48 2.
|
Airteagal 48 Plean forbartha gréasáin deich mbliana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48 1.
|
Cuimseofar sa phlean forbartha uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), samhaltú an ghréasáin chomhtháite, lena n-áirítear forbairt cásanna agus measúnú ar athléimneacht an chórais. Beidh na paraiméadair ionchuir ábhartha don samhaltú amhail toimhdí maidir le praghsanna breosla agus carbóin nó suiteáil foinsí in-athnuaite ag teacht go hiomlán leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a forbraíodh de bhun Airteagal 23. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, go háirithe:
(a)
cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán seo agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; déanfar anailís costais agus tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin;
(b)
i réimse na n-idirnasc trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944; agus
(c)
sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainneachtaí trasteorann.
I dtaca le pointe (c) den chéad fhomhír, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar bhacainní ar mhéadú acmhainneachta trasteorann an líonra a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla a chur i gceangal leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais.
|
|
Airteagal 48 2.
|
Tabharfaidh ACER tuairim i dtaca leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin 10mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, molfaidh sí go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais a leasú de réir mar is iomchuí. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin náisiúnta 10 mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944, molfaidh ACER don údarás rialála inniúil ábhartha an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 51(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|