+Airteagal 49 Sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
---+Airteagal 49 6.
---+Airteagal 49 7.
|
Airteagal 49 Sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Gheobhaidh oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Is iad oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin a íocfaidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Déanfar íocaíochtaí cúitimh ar bhonn rialta maidir le tréimhse ar leith san am atá thart. Déanfar coigeartú ex post ar chúiteamh a íocadh nuair is gá sin chun costais a tabhaíodh go hiarbhír a léiriú. Déanfar an chéad tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí cúitimh ina leith a chinneadh sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 61.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68, lena bhforlíontar an Rialachán seo, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí cúitimh is iníoctha a bhunú.
|
|
Airteagal 49 5.
|
Méid na sreafaí trasteorann a óstáiltear agus méid na sreafaí trasteorann a ainmnítear mar shreafaí a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais náisiúnta tarchurtha, cinnfear í ar bhonn na sreafaí fisiciúla leictreachais a thomhaistear go hiarbhír le linn tréimhse ar leith.
|
|
Airteagal 49 6.
|
Na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil, déanfar iad a shuíomh ar bhonn meánchostas incriminteach fadtréimhseach réamhbhreathnaitheach, trína ndéantar caillteanais, infheistíocht i mbonneagar nua agus cionmhaireacht iomchuí de chostas an bhonneagair atá ann cheana, a mhéid a úsáidtear an bonneagar sin chun sreafaí trasteorann a tharchur, a chur san áireamh agus, go háirithe, an gá le ráthaíocht maidir le cinnteacht an tsoláthair á chur san áireamh. Nuair a bheidh na costais a tabhaíodh á suíomh, úsáidfear modheolaíochtaí costála atá caighdeánach agus aitheanta. D'fhonn an cúiteamh a gheofar a laghdú, cuirfear san áireamh sochair a fhaigheann gréasán mar thoradh ar shreafaí trasteorann a óstáil.
|
|
Airteagal 49 7.
|
Chun críche an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, agus chun na críche sin amháin, i gcás inar cuid de bhloc rialaithe singil iad gréasáin tarchurtha dhá Bhallstát nó níos mó, go hiomlán nó go páirteach, measfar gur cuid de ghréasán tarchurtha ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann an bloc rialaithe ina iomláine, chun go seachnófar go measfaí maidir le sreafaí laistigh de na bloic rialaithe céanna gur sreafaí trasteorann iad faoi phointe (b) d'Airteagal 2(2) agus gur sreafaí iad is cúis le híocaíochtaí cúitimh faoi mhír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann a chinneadh cé acu de na Ballstáit lena mbaineann a measfar ina leith gur cuid dá ghréasán tarchurtha é an bloc rialaithe ina iomláine.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|