+Airteagal 50 4a.
|
Airteagal 50 4a.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta a bhfuil gráinneacht spásúil ard acu, agus slándáil phoiblí agus rúndacht sonraí á n-urramú acu, lena n-áirítear an acmhainneacht lena mbaineann iarraidh ar nasc agus an fhéidearthacht nasc solúbtha a bheith ann i limistéir phlódaithe. Áireofar san fhoilsiú faisnéis maidir leis na critéir chun an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua a ríomh. Tabharfaidh oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, gach mí ar a laghad. Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha faisnéis shoiléir a sholáthar ar bhealach trédhearcach d’úsáideoirí an chórais faoi stádas a n-iarrataí ar nasc agus faoin gcaoi a ndéileáiltear leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis a bhaineann le comhaontuithe nasctha sholúbtha. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de 3 mhí ó thíolacadh na hiarrata. I gcás nach ndéantar an nasc arna iarraidh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus gach mí ar a laghad.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|