+Airteagal 50 Faisnéis a chur ar fáil
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.
---+Airteagal 50 4a.
---+Airteagal 50 5.
---+Airteagal 50 6.
---+Airteagal 50 7.

Airteagal 50 Faisnéis a chur ar fáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 50 1.
Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha sásraí malartaithe faisnéise agus comhordaithe i bhfeidhm chun slándáil na ngréasán a áirithiú i gcomhthéacs an bhainistithe ar phlódú.
Airteagal 50 2.
Poibleofar na caighdeáin sábháilteachta, oibríochtúla agus phleanála a úsáideann oibreoirí córas tarchurtha. Cuimseoidh an fhaisnéis a fhoilseofar scéim ghinearálta chun acmhainneacht iomlán an aistrithe agus corrlach iontaofachta an tarchuir a ríomh ar bhonn ghnéithe leictreacha agus fisiciúla an ghréasáin. Beidh scéimeanna den sórt sin faoi réir a bhformheasta ag na húdaráis rialála.
Airteagal 50 3.
Foilseoidh oibreoirí córas tarchurtha meastacháin ar an acmhainneacht aistrithe atá ar fáil do gach lá, agus léireofar iontu aon acmhainneacht aistrithe atá ar fáil agus atá curtha in áirithe cheana féin. Déanfar na foilseacháin sin ag eatraimh shonraithe roimh an lá iompair agus cuimseofar iontu, in aon chás, meastacháin a dhéanfar seachtain roimh ré agus mí roimh ré, mar aon le léiriú cainníochtúil maidir le hiontaofacht tuartha na hacmhainneachta atá ar fáil.
Airteagal 50 4.
Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha sonraí ábhartha maidir le réamhaisnéis chomhiomlánaithe agus éileamh iarbhír, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír na sócmhainní giniúna agus lóid, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid na ngréasán agus na n-idirnasc, agus maidir le cumhacht agus acmhainneacht chúltaca a chomhardú agus le hinfhaighteacht solúbthachta. Féadfar sonraí comhiomlánaithe meastacháin a úsáid maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír sócmhainn beag giniúna agus lóid.
Airteagal 50 4a.
Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach trédhearcach, faisnéis shoiléir maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua ina limistéir oibríochta a bhfuil gráinneacht spásúil ard acu, agus slándáil phoiblí agus rúndacht sonraí á n-urramú acu, lena n-áirítear an acmhainneacht lena mbaineann iarraidh ar nasc agus an fhéidearthacht nasc solúbtha a bheith ann i limistéir phlódaithe. Áireofar san fhoilsiú faisnéis maidir leis na critéir chun an acmhainneacht atá ar fáil le haghaidh naisc nua a ríomh. Tabharfaidh oibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, gach mí ar a laghad.

Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha faisnéis shoiléir a sholáthar ar bhealach trédhearcach d’úsáideoirí an chórais faoi stádas a n-iarrataí ar nasc agus faoin gcaoi a ndéileáiltear leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis a bhaineann le comhaontuithe nasctha sholúbtha. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de 3 mhí ó thíolacadh na hiarrata. I gcás nach ndéantar an nasc arna iarraidh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus gach mí ar a laghad.

Airteagal 50 5.
Déanfaidh na rannpháirtithe margaidh lena mbaineann na sonraí ábhartha a sholáthar do na hoibreoirí córas tarchurtha.
Airteagal 50 6.
Déanfaidh gnóthais ghiniúna ar leo nó a oibríonn sócmhainní giniúna, i gcás ina bhfuil acmhainneacht shuiteáilte 250 MW ar a laghad ag ceann amháin de na sócmhainní giniúna, nó ag a bhfuil punann ina bhfuil 400 MW ar a laghad de na sócmhainní giniúna, na sonraí uile in aghaidh na huaire an chloig agus in aghaidh an ghléasra is gá chun fíorú a dhéanamh maidir leis na cinntí seolta oibríochtúla go léir, agus maidir leis an iompar tairisceana i malartuithe fuinnimh, i gceantanna idirnaisc, i margaí cúltaca agus i margaí thar an gcuntar a choimeád ar fáil don údarás rialála, don údarás iomaíochta náisiúnta agus don Choimisiún, go ceann 5 bliana. Cuimsíonn an fhaisnéis in aghaidh an ghléasra agus in aghaidh na huaire an chloig atá le stóráil, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist léi, sonraí maidir leis an acmhainneacht ghiniúna agus na cúltacaí geallta atá ar fáil, lena n-áirítear leithdháileadh na gcúltacaí sin in aghaidh an ghléasra, ag na tráthanna a ndéantar an tairiscint agus nuair a dhéantar an táirgeadh.
Airteagal 50 7.
Malartóidh na hoibreoirí córas tarchurtha, go tráthrialta, sraith sonraí leorchruinne maidir leis an ngréasán agus maidir le lód an tsreabhaidh chun go bhféadfar lód an tsreabhaidh a ríomh do gach oibreoir córais tarchurtha sa limistéar ábhartha. Déanfar an tsraith chéanna sonraí a chur ar fáil do na húdaráis rialála, don Choimisiún agus do na Ballstáit arna iarraidh sin dó nó dóibh. Coimeádfaidh na húdaráis rialála, na Ballstáit agus an Coimisiún an tsraith torthaí sin faoi rún agus áiritheoidh siad rúndacht ó aon shainchomhairleoir a bheidh i mbun oibre anailísí arna iarraidh sin dóibh, ar bhonn na sonraí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.