+Airteagal 54 2.

Airteagal 54 2.

Leis na nósanna imeachta a ghlacfaidh eintiteas AE do OCDanna, déanfar a choimirciú go gcaithfear go cothrom agus go comhréireach lena chomhaltaí agus léireofar struchtúr éagsúil geografach agus eacnamaíoch a chomhaltais. Leis na nósanna imeachta, forálfar don mhéid seo a leanas go háirithe:

(a) 

tá an bord stiúrthóirí comhdhéanta d'Uachtarán an bhoird agus 27 n-ionadaí thar ceann comhaltaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí;

(ii) 

tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 100 000 úsáideoir eangaí agus níos lú ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí; agus

(iii) 

tá naoi ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos lú ná 100 000 úsáideoir eangaí;

(b) 

féadfaidh ionadaithe ó chomhlachais OCDanna, ar comhlachais iad arb ann dóibh cheana, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcruinnithe an bhoird stiúrthóirí;

(c) 

ní fhéadfaidh níos mó ná 3 ionadaí comhaltaí atá bunaithe sa Bhallstát céanna nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna a bheith ar an mbord stiúrthóirí;

(d) 

ní mór gach Leas-Uachtarán ar an mBord a ainmniú as measc ionadaithe na gcomhaltaí as gach catagóir a thuairiscítear i bpointe (a) thuas;

(e) 

ionadaithe na gcomhaltaí atá bunaithe i mBallstát amháin nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna, ní fhéadfaidh siad a bheith mar thromlach de chuid rannpháirtithe an Ghrúpa Saineolaithe;

(f) 

bunóidh an bord stiúrthóirí grúpa Comhairleora Straitéisigh a chuireann a thuairim in iúl don bhord stiúrthóirí agus do na Grúpaí Saineolaithe agus ar a bhfuil ionadaithe ó chomhlachais Eorpacha OCD agus ionadaithe ó na Ballstáit sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an mbord stiúrthóirí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.