|
+Airteagal 64 2d. |
Airteagal 64 2d.Beidh tuarascáil ón mBallstát ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 2b, ar tuarascáil í ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt don éileamh;
(b)
plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|