+Airteagal 64 Maoluithe
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 2a.
---+Airteagal 64 2b.
---+Airteagal 64 2c.
---+Airteagal 64 2d.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.

Airteagal 64 Maoluithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 64 1.

Féadfaidh na Ballstáit cur isteach ar mhaoluithe ó na forálacha ábhartha d'Airteagail 3 agus 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10 agus 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27, Airteagail 35 go 47 agus Airteagal 51, ar choinníoll go gcomhlíontar na nithe seo a leanas:

(a) 

féadfaidh an Ballstát a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú a gcóras beag scoite agus a gcóras beag nasctha;

(b) 

i gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, nach féidir a idirnascadh leis an margadh fuinnimh an Aontais Eorpach ar chúiseanna follasacha fisiciúla.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh teorainn ama leis an maolú sin agus beidh sé faoi réir coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíochas agus comhtháthú leis an margadh inmheánach sa leictreachas a mhéadú;

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh teorainn ama leis an maolú.

Beidh maolú faoi réir na gcoinníollacha arb aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh an maolú isteach ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

Ina chinneadh lena ndeonaítear maolú, leagfaidh an Coimisiún amach it ar an eolas faoi na hiarratais sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus rúndacht a urramú á chur san áireamh.

Ina chinneadh maidir le maolú á dheonú, léireoidh an Coimisiún a mhéid a chaithfidh na maoluithe cur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte a chur san áireamh.

Airteagal 64 2.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3, 5 agus 6, Airteagal 7(1), pointí (c) agus (g) d'Airteagal 7(2), Airteagail 8 go 17, Airteagail 18(5) agus (6), Airteagail 19 agus 20, Airteagal 21(1), (2), agus (4) go (8), pointe (c) d'Airteagal 22(1), pointí (b) agus (c) d'Airteagal 22(2), an fomhír deiridh d'Airteagal 22(2), Airteagail 23 go 27, Airteagal 34(1), (2) agus (3), Airteagail 35 go 47, Airteagal 48(2) agus Airteagail 49 agus 51 ar an gCipir go dtí go mbeidh a córas tarchurtha nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí idirnaisc.

Mura bhfuil córas tarchurtha na Cipire nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí bhíthin idirnaisc faoin 1 Eanáir 2026, déanfaidh an Chipir a riachtanaí atá maolú ó na forálacha sin a mheas agus féadfaidh sí iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun síneadh a chur leis an maolú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu an bhfuil baol ann go mbeidh cur chun feidhme na bhforálacha faoi seach ina gcúis le fadhbanna substaintiúla i dtaobh oibriú an chórais leictreachais sa Chipir nó an mbeidh tairbhí le baint as a gcur chun feidhme sa Chipir i dtaca le feidhmiú an mhargaidh. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a eisiúint maidir le síneadh iomlán nó páirteach a chur leis an maolú. Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 64 2a.
De mhaolú ar Airteagal 6(9), (10) agus (11), féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin conarthaí airgeadais a thabhairt i gcrích maidir leis an acmhainneacht don chothromú suas go 5 bliana roimh thús sholáthar na hacmhainneachta don chothromú. Ní mhairfidh ré na gconarthaí sin níos faide ná 8 mbliana tar éis don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin dul isteach i Limistéar Sioncronach Mhór-roinn na hEorpa.

Féadfaidh údaráis rialála na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine cead a thabhairt dá n-oibreoirí córais tarchurtha acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar phróiseas margadhbhunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2017/2195, gan toirteanna a theorannú, go dtí 6 mhí tar éis an lae a rinneadh an próiseas leithdháileacháin comhoptamaithe a chur chun feidhme agus oibríochtúil go hiomlán de bhun Airteagal 38(3) den Rialachán sin.

Airteagal 64 2b.
De mhaolú ar Airteagal 22(4), pointe (b), féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go mbeidh acmhainneacht ghiniúna a chuir tús le táirgeadh tráchtála roimh an 4 Iúil 2019 agus a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus níos mó ná 350 kg de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kWe suiteáilte, faoi réir Airteagail 107 agus 108 CFAE a chomhlíonadh, agus go mbeidh sí geallta ar bhonn eisceachtúil nó go bhfaighidh sé íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo tar éis an 1 Iúil 2025 faoi shásra acmhainneachta arna fhormheas ag an gCoimisiún roimh an 4 Iúil 2019.
Airteagal 64 2c.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na hiarrata dá dtagraítear i mír 2b i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Féadfaidh an Coimisiún an maolú a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2d, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch curtha i gcrích ag an mBallstát an 4 Iúil 2019, nó ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 22 agus le haghaidh tréimhse seachadta tar éis an 1 Iúil 2025, arb é is aidhm dó rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann na ceanglais in Airteagal 22(4) a uasmhéadú;

(b) 

nach leor méid na hacmhainneachta a thairgtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht mar a sainaithníodh de bhun Airteagal 20(1) don tréimhse seachadta a chumhdaítear leis an bpróiseas tairisceana sin;

(c) 

go bhfuil an acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais geallta nó go bhfaigheann sí íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, agus ar feadh tréimhse seachadta nach faide ná fad an mhaolaithe, agus go soláthraítear í trí phróiseas breise soláthair a chomhlíonann na ceanglais uile d’Airteagal 22 cé is moite díobh siúd a leagtar amach i mír 4, pointe (b), den Airteagal sin agus don mhéid acmhainneachta is gá chun réiteach a fháil ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus don mhéid sin amháin.

Féadfar an maolú de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach inti ar feadh thréimhse iomlán an mhaolaithe.

Airteagal 64 2d.

Beidh tuarascáil ón mBallstát ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 2b, ar tuarascáil í ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) 

measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt don éileamh;

(b) 

plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a).

Airteagal 64 3.
Ní dhéanfaidh an Rialachán difear do chur i bhfeidhm na maoluithe a dheonaítear faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 64 4.
Maidir le sprioc idirnaisc 2030 a ghnóthú, mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2018/1999, cuirfear an nasc leictreachais idir Málta agus an Iodáil san áireamh go hiomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.