|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo:
(1)
ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear é i bpointe 12 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(2)
ciallaíonn “earra” earra mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(3)
ciallaíonn “substaint” substaint mar a shainmhínítear í i bpointe 1 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(4)
ciallaíonn “meascán” meascán mar a shainmhínítear é i bpointe 2 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(5)
ciallaíonn “monarú” monarú mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(6)
ciallaíonn “úsáid” úsáid mar a shainmhínítear í i bpointe 24 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(7)
ciallaíonn “allmhairiú” allmhairiú mar a shainmhínítear é i bpointe 10 d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(8)
ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear í i bpointe 1 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(9)
ciallaíonn “diúscairt” diúscairt mar a shainmhínítear í i bpointe 19 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(10)
ciallaíonn “aisghabháil” aisghabháil mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;
(11)
ciallaíonn “substaint idirmheánach córais iata atá teoranta de réir suímh” substaint a mhonaraítear le haghaidh próiseáil cheimiceach agus a ídítear nó a úsáidtear le linn na próiseála sin chun go ndéanfar í a chlaochlú i substaint eile (“sintéis”) agus i gcás ina ndéanann eintiteas dlíthiúil amháin nó níos mó monarú na substainte idirmheánaí agus sintéis ceann amháin nó níos mó de shubstaintí eile ón tsubstaint idirmheánach sin ar an suíomh céanna, faoi dhálaí atá rialaithe go dian sa dóigh go gcoinnítear go docht faoi iamh í ar mhodhanna teicniúla feadh a saolré ina iomláine;
(12)
ciallaíonn “rian-éilleán neamhbheartaithe” leibhéal substainte a bhfuil méid íosta de ann go teagmhasach, ar leibhéal é nach féidir an tsubstaint a úsáid go fóinteach faoina bhun agus atá os cionn thairseach bhraite na modhanna braite atá ann cheana chun gur féidir rialú agus forfheidhmiú a dhéanamh;
(13)
ciallaíonn “stoc-charn” substaintí, meascáin nó earraí atá carnaithe ag an sealbhóir agus atá comhdhéanta d'aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I nó in II nó ina bhfuil aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|