+Airteagal 3 Monarú, cur ar an margadh agus úsáid a rialú, agus liostú substainte
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.

Airteagal 3 Monarú, cur ar an margadh agus úsáid a rialú, agus liostú substainte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Déanfar monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I, bídís leo féin, i meascáin nó ina n-earraí, a thoirmeasc, faoi réir Airteagal 4.
Airteagal 3 2.
Déanfar monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II, bídís leo féin, i meascáin nó ina n-earraí, a shrianadh, faoi réir Airteagal 4.
Airteagal 3 3.
Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún san áireamh, sna scéimeanna measúnuithe agus údaraithe le haghaidh substaintí atá ann cheana nó atá nua, faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, na critéir a leagtar amach i mír 1 d'Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus glacfaidh siad bearta iomchuí chun substaintí atá ann cheana a rialú agus chun táirgeadh, cur ar an margadh agus úsáid a chosc i gcás substaintí nua, ar léir saintréithe POPanna orthu.
Airteagal 3 4.
Agus togra á ullmhú atá le cur faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagal 218(9) CFAE maidir le substaint a liostú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tacaíocht don Choimisiún, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 8(1). Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát tograí le haghaidh liostú a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. I gcéimeanna breise de phróiseas an liostaithe, soláthróidh an Ghníomhaireacht tacaíocht don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 8(1).
Airteagal 3 5.
Oibreoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, i ngach céim den phróiseas dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus cuirfidh siad ar an eolas iad.
Airteagal 3 6.
Dramhaíl arb éard í aon substaint a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ina bhfuil aon substaint díobh sin nó atá éillithe ag aon substaint díobh sin, déantar í a rialáil le hAirteagal 7.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1021
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.