Agus na Ballstáit ag breithniú tograí chun saoráidí nua a thógáil nó chun modhnú nach beag a dhéanamh ar shaoráidí atá ann cheana ina mbaintear úsáid as próisis ina scaoiltear ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, tabharfaidh siad tús áite ina mbreithniú do phróisis, teicnící nó cleachtais mhalartacha atá inchurtha ó thaobh fóinte de ach a sheachnaíonn foirmiú agus scaoileadh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III, gan dochar do Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
).