+Airteagal 5 Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.

Airteagal 5 Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Déanfaidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair agus gach tréimhse thuairiscithe ina dhiaidh sin go dtí tréimhse thuairiscithe na bliana 2029, maidir le gach monaróir, an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle don tréimhse thuairiscithe roimhe sin a chinneadh.

Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí ísle, cuirfear san áireamh líon agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí uile tromshaothair astaíochtaí nialasacha ísle de chatagóir N atá i bhflít an mhonaróra.

Airteagal 5 2.

I gcás thréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024, déanfar líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a chomhaireamh mar a leanas chun críche mhír 1:

(a) 

comhairfear feithicil astaíochtaí nialasacha mar dhá fheithicil; agus

(b) 

comhairfear feithicil astaíochtaí ísle mar suas le dhá fheithicil de réir feidhm de chuid a hastaíochtaí sonracha CO2 agus thairseach astaíochtaí ísle an fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil, mar a shainítear i bpointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.1 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5 3.
I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ón mbliain 2025 go dtí 2029, is ar bhonn thagarmharc 2 % a chinnfear an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 5 4.
I ngeall ar an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus ar an bhfachtóir astaíochtaí ísle, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 3 % ar a mhéad. Maidir leis an rannchuidiú leis an bhfachtóir sin i leith feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha de chatagóir N, seachas iad siúd i bhfoghrúpaí feithicle 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD nó 10-LH, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 1,5  % ar a mhéad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.