|
+Airteagal 6a 1. |
Airteagal 6a 1.Chun meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus pointe 2.2 d’Iarscríbhinn I, féadfar feithiclí tromshaothair aonair a aistriú idir monaróirí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
i gcás gach aistrithe, cuireann an monaróir aistritheach agus an monaróir is faighteoir an iarraidh isteach go comhpháirteach;
(b)
chun feithiclí tromshaothair nach feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha iad a aistriú: tá an monaróir aistritheach agus an monaróir is faighteoir ina gcuid de ghrúpa monaróirí bainteacha;
(c)
i gcás aistriú feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha idir monaróirí nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha iad, ní théann líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasachaa a aistreofar chuig monaróir thar 5 % dá fheithiclí nua tromshaothair uile arna gclárú i dtréimhse thuairiscithe ar leith. Cuirfidh na monaróirí na hiarrataí ar aistriú faoi bhráid an Choimisiúin trí úsáid a bhaint as na huirlisí leictreonacha arna soláthar ag an gCoimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|