+Airteagal 7 Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
|
Airteagal 7 Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
►M1
Chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna sonracha i leith astaíochtaí CO2 á gcomhlíonadh ag monaróir le linn thréimhsí thuairiscithe na mblianta 2025 go 2039, cuirfear i gcuntas na creidmheasanna astaíochta agus na fiacha astaíochta atá aige arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí nua tromshaothair de chuid an mhonaróra, i dtréimhse thuairiscithe, arna iolrú faoi na nithe seo a leanas: ◄
▼M3
(a)
an difríocht idir conair laghdaithe astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i mír 2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2025 agus a mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 go 2029; agus an difríocht idir conair laghdaithe astaíochtaí CO2 do thréimhsí tuairiscithe na mblianta seachas 2025 go 2029 agus meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin don tréimhse tuairiscithe chéanna, má tá an difríocht sin dearfach (“creidmheasanna astaíochta”); nó
▼B
(b)
an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin agus an sprioc atá aige i leith astaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (“fiacha astaíochta2”).
Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go
►M1
2039 ◄ . Mar sin féin, ní chuirfear na creidmheasanna astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2024 san áireamh ach amháin chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 á gcomhlíonadh ag an monaróir. Gheofar fiacha astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 go 2039. Mar sin féin, ní rachaidh an fiach astaíochta iomlán monaróra thar 5 % de sprioc an mhonaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2 arna iolrú faoi líon na bhfeithiclí tromshaothair de chuid an mhonaróra sa tréimhse sin (“an teorainn maidir le fiach astaíochta”). Déanfar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 go 2039, a thabhairt anonn ó thréimhse thuairiscithe féilire amháin go dtí an chéad tréimhse thuairiscithe eile. Mar sin féin, glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2029, 2034 agus 2039. Ní chuirfear creidmheasanna astaíochta i gcuntas chun a chinneadh an bhfuil a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 á comhlíonadh ag an monaróir ach amháin in aon cheann de thréimhsí tuairiscithe na 7 mbliana tar éis na tréimhse tuairiscithe ina bhfuarthas iad.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Socrófar conairí laghdaithe i leith astaíochtaí CO2 do gach monaróir i gcomhréir le pointe 5.1.2 d’Iarscríbhinn I, bunaithe ar na conairí líneacha seo a leanas:
(a)
idir an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO2 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2025 nó 2030 mar a shonraítear in Airteagal 3a(1), pointí (a) agus (b);
(b)
idir an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2025 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2030 mar a shonraítear in Airteagal 3a(1), pointe (b);
(c)
idir an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2030 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2035 mar a shonraítear in Airteagal 3a(1), pointe (c); agus
(d)
idir an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2035 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2040 mar a shonraítear in Airteagal 3a(1), pointe (d).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|