+Airteagal 8 Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2a chomhlíonadh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2a chomhlíonadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás ina bhfaightear go bhfuil astaíochtaí iomarcacha CO2 ag monaróir de bhun mhír 2 i dtréimhse tuairiscithe ar leith ó 2025 ar aghaidh, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas: (Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 4 250 /gCO2/tkm).
|
|
Airteagal 8 2.
|
Measfar astaíochtaí iomarcacha CO2 a bheith ag monaróir in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás, le linn aon cheann de thréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 go 2028, 2030 go 2033 nó 2035 go 2038, ina sáróidh suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta an teorainn maidir le fiach astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an tríú fomhír;
(b)
i gcás, le linn thréimhsí tuairiscithe na mblianta 2029, 2034, 2039 agus 2040, inar dearfach suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta;
(c)
i gcás, ó thréimhse thuairiscithe na bliana 2041 ar aghaidh, ina sáróidh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2.
Déanfar na hastaíochtaí iomarcacha CO2 i dtréimhse thuairiscithe ar leith a ríomh i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
|
Airteagal 8 4.
|
Measfar, maidir leis na préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|