|
+Airteagal 12 2. |
Airteagal 12 2.Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh na monaróirí nó na húdaráis náisiúnta ar fáil dó, nó go ndéanfar sin le haistriú díreach sonraí ó na feithiclí féin, de réir mar a bheidh, na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair go tráthrialta ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009:
(a)
uimhir aitheantais na feithicle;
(b)
ídiú breosla agus ídiú fuinnimh leictrigh;
(c)
an fad iomlán a thaistealaítear;
(d)
pálasta;
(e)
i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha tromshaothair atá in-athluchtaithe ón taobh amuigh, an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh, agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;
(f)
paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil faoin gcéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun tacar sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críche na próiseála sonraí sin ná ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|