+Airteagal 12 Fíorastaíochtaí CO2agus fíorídiú fuinnimh
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.

Airteagal 12 Fíorastaíochtaí CO2agus fíorídiú fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ina n-úsáidtear feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le feithiclí nua tromshaothair arna gclárú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

Airteagal 12 2.

Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh na monaróirí nó na húdaráis náisiúnta ar fáil dó, nó go ndéanfar sin le haistriú díreach sonraí ó na feithiclí féin, de réir mar a bheidh, na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair go tráthrialta ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009:

(a) 

uimhir aitheantais na feithicle;

(b) 

ídiú breosla agus ídiú fuinnimh leictrigh;

(c) 

an fad iomlán a thaistealaítear;

(d) 

pálasta;

(e) 

i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha tromshaothair atá in-athluchtaithe ón taobh amuigh, an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh, agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(f) 

paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil faoin gcéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun tacar sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críche na próiseála sonraí sin ná ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

Airteagal 12 3.
Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 bhliain agus 5 mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun an Rialacháin sin fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, d’fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin, déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar a indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun.

Airteagal 12 4.
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe chun na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.