►M1
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3d(3), Airteagal 13(4) an dara fomhír, Airteagal 13d(2), Airteagal 13f(2) agus Airteagal 14(1), (2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Meitheamh 2024.
◄ Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.