|
+Airteagal 19 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956 |
Airteagal 19 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956Airteagal 19 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956 Leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 ), i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 )
(2)
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí nua tromshaothair a chláraítear san Aontas den chéad uair.
Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó 2020 ar aghaidh, tuairisceoidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí na tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh) don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II. I ndáil le 2019, áireofar sna sonraí a thuairisceofar faoin 30 Meán Fómhair 2020 na sonraí a ndearnadh faireachán orthu ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Ní dhéanfar faireachán ná tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná 3 mhí roimh an gclárú san Aontas.”;
(3)
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicle nua tromshaothair.
Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh), don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II. I ndáil le 2019, tuairisceoidh monaróirí na sonraí maidir le gach feithicil nua tromshaothair lena ngabhfaidh dáta ionsamhlúcháin a bheidh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Is é an dáta ionsamhlúcháin an dáta a thuairisceofar i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.”;
(4)
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.”;
(5)
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:
“3.2.
Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus arna dtaifeadadh sa Chlár ar fáil don phobal faoin 30 Aibreán gach bliain, ó 2021 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|