4. Na Ballstáit sin a théann ar iontaoibh na ndíolúintí dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 3, áiritheoidh siad go gcuirfear an daonra lena mbaineann ar an eolas faoi dhul ar iontaoibh na ndíolúintí sin agus faoi aon bheart is féidir a dhéanamh chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Ina theannta sin, tabharfar comhairle iomchuí go pras don daonra lena mbaineann i gcás inar léir go bhféadfaí sláinte an duine a chur i mbaol mar gheall ar cháilíocht uisce den sórt sin.