3. I gcomhréir le Treoir 2000/60/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar leibhéil sceite uisce laistigh dá gcríoch agus ar na feabhsuithe féideartha maidir le sceitheadh uisce a laghdú trí úsáid a bhaint as modh rátála an innéacs um sceitheadh bonneagair nó as modh iomchuí eile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gnéithe ábhartha sláinte poiblí, comhshaoil, teicniúla agus eacnamaíocha agus cumhdófar ann, ar a laghad, soláthróirí uisce a sholáthraíonn 10 000 m3 in aghaidh an lae nó a fhreastalaíonn ar 50 000 duine ar a laghad.
Cuirfear torthaí an mheasúnaithe in iúl don Choimisiún faoin 12 Eanáir 2026.
Faoin 12 Eanáir 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Treoir seo a fhorlíonadh, trí thairseach a leagan amach, bunaithe ar an innéacs um sceitheadh bonneagair nó ar aon mhodh iomchuí eile, ar os a cionn a thíolacfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta. Dréachtófar an gníomh tarmligthe sin trí úsáid a bhaint as measúnaithe na mBallstát agus as meánráta sceite an Aontais arna chinneadh ar bhonn na measúnuithe sin.
Laistigh de 2 bhliain ó ghlacadh an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit sin ina bhfuil ráta sceite a sháraíonn an tairseach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar síos sraith beart atá le déanamh chun a ráta sceite a laghdú.