+Airteagal 6 Pointe comhlíontachta
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
|
Airteagal 6 Pointe comhlíontachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Maidir leis na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 do na paraiméadair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, comhlíonfar na luachanna sin:
|
(a)
|
i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthraítear ó ghréasán dáileacháin, ag an bpointe, laistigh d’áitreabh nó de bhunaíocht, ina dtagann an t-uisce as na buacairí a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar;
|
|
(b)
|
i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthraítear ó thancaer, ag an bpointe ina dtagann an t-uisce as an tancaer;
|
|
(c)
|
i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, ag an bpointe a gcuirtear an t-uisce isteach sna buidéil nó sna coimeádáin;
|
|
(d)
|
i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a úsáidtear i ngnó bia, ag an bpointe ag a bhfuil an t-uisce in úsáid sa ghnó sin.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. I gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, measfar go mbeidh a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 4 agus Airteagal 14(2) comhlíonta ag na Ballstáit i gcás inar féidir a shuí nach gcomhlíontar na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 mar gheall ar an gcóras dáileacháin baile nó cothabháil an chórais sin gan dochar d’Airteagal 10 a mhéid a bhaineann le háitreabh tosaíochta.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo agus i gcás inarb ann do riosca nach gcomhlíonfadh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, fós féin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
(a)
|
go ndéanfar bearta iomchuí chun an riosca nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a laghdú nó chun deireadh a chur leis, amhail comhairle a thabhairt d’úinéirí maoine faoi aon ghníomhaíocht feabhais a d’fhéadfaidís a dhéanamh, agus, más gá, go ndéanfar bearta eile, amhail teicnící iomchuí cóireála, chun nádúr nó airíonna an uisce a athrú sula soláthrófar é ionas go laghdófar an riosca nach gcomhlíonfaidh an t-uisce na luachanna paraiméadracha tar éis é a sholáthar nó go gcuirfear deireadh leis an riosca sin; agus
|
|
(b)
|
go gcuirfear na tomhaltóirí lena mbaineann ar an eolas go cuí agus go dtugtar comhairle dóibh faoi aon ghníomhaíocht feabhais bhreise fhéideartha ba cheart dóibh a dhéanamh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|