+Airteagal 7 Cur chuige rioscabhunaithe i leith sábháilteacht uisce
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6
---+Airteagal 7 7
|
Airteagal 7 Cur chuige rioscabhunaithe i leith sábháilteacht uisce
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar, a chóireáil agus a dháileadh faoi réir cur chuige rioscabhunaithe lena gcumhdaítear an slabhra soláthair iomlán ó dhobharcheantar, astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce go dtí an pointe comhlíontachta a shonraítear in Airteagal 6.
Beidh na heilimintí seo a leanas mar chuid den chur chuige rioscabhunaithe:
|
(a)
|
measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 8;
|
|
(b)
|
measúnú riosca agus bainistiú riosca i gcás gach córais soláthair lena n-áirítear astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine go dtí an pointe soláthair a dhéanann na soláthróirí uisce i gcomhréir le hAirteagal 9; agus
|
|
(c)
|
measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an chur chuige rioscabhunaithe a oiriúnú, gan cur isteach ar chuspóir na Treorach seo maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus le sláinte tomhaltóirí, i gcás ina mbeidh srianta ar leith de bharr cúinsí geografacha amhail iargúltacht nó teorainn ar inrochtaineacht ar an gcrios soláthair uisce.
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na freagrachtaí a dháileadh go soiléir agus go hiomchuí idir geallsealbhóirí, mar atá sainithe ag na Ballstáit, maidir leis an gcur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme. Déanfar dáileadh na bhfreagrachtaí sin a chur in oiriúint dá gcreat institiúideach agus dlíthiúil.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine den chéad uair faoin 12 Iúil 2027. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca sin a athbhreithniú ag eatraimh rialta nach faide ná 6 bliana, agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh, agus tabharfar cothrom le dáta iad más gá.
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair den chéad uair faoin 12 Eanáir 2029. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca sin a athbhreithniú ag eatraimh rialta nach faide ná 6 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta iad más gá.
|
|
Airteagal 7 6
|
6. Déanfar an measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile den chéad uair faoin 12 Eanáir 2029. Déanfar an measúnú riosca sin a athbhreithniú gach 6 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta é más gá.
|
|
Airteagal 7 7
|
7. Leis na spriocdhátaí a shonraítear i míreanna 4, 5 agus 6, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfar na bearta a luaithe is féidir, a luaithe a aithnítear rioscaí agus a dhéantar iad a mheas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|