2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú riosca:
|
(a)
|
tréithriú na ndobharcheantar do phointí astarraingthe lena n-áirítear:
|
(i)
|
sainaithint agus mapáil na ndobharcheantar do phointí astarraingthe;
|
|
(ii)
|
mapáil ar na criosanna faoi choimirce, nuair is amhlaidh a bunaíodh na criosanna sin i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Threoir 2000/60/CE;
|
|
(iii)
|
geoshuíomhanna le haghaidh gach pointe astarraingthe sna dobharcheantair; ós rud é go bhféadfadh na sonraí sin a bheith íogair, go háirithe ó thaobh na sláinte poiblí agus na slándála poiblí de, áiritheoidh na Ballstáit go gcosnófar na sonraí sin agus gur chuig na húdaráis ábhartha agus na soláthróirí uisce, agus chucusan amháin, a chuirfear in iúl iad;
|
|
(iv)
|
cur síos ar phróisis úsáid na talún, leachtaithe, agus athmhuirearaithe sna dobharcheantair do phointí astarraingthe;
|
|
|
(b)
|
guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a shainaithint sna dobharcheantair do phointí astarraingthe agus measúnú ar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; leis an measúnú sin, déanfar measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cáilíocht an uisce a mheath an oiread sin go bhféadfadh sé a bheith ina riosca do shláinte an duine;
|
|
(c)
|
faireachán iomchuí in uisce dromchla nó screamhuisce, nó sa dá cheann, sna dobharcheantair do phointí astarraingthe, nó in amhuisce, ar na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin ábhartha a roghnaítear ón méid seo a leanas:
|
(i)
|
paraiméadair i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I nó a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Treoir seo;
|
|
(ii)
|
truailleáin screamhuisce in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus truailleáin agus táscairí truailliúcháin ar bhunaigh na Ballstáit luachanna tairseacha ina leith i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;
|
|
(iii)
|
substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);
|
|
(iv)
|
truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach atá bunaithe ag na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;
|
|
(v)
|
truailleáin eile is ábhartha d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine atá bunaithe ag na Ballstáit ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo;
|
|
(vi)
|
substaintí arb ann dóibh go nádúrtha a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;
|
|
(vii)
|
substaintí agus comhdhúl a áirítear sa liosta faire a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(8) den Treoir seo.
|
|
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as faisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 7 de Threoir 2000/60/CE.
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an athbhreithniú ar thionchar ghníomhaíocht an duine arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus as faisnéis faoi bhrúnna suntasacha a bailíodh i gcomhréir le pointí 1.4, 1.5 agus 2.3 go 2.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.
Na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin a mheastar a bheith ábhartha d’fhaireachán i bhfianaise na nguaiseacha agus na n-eachtraí guaiseacha a sainaithnítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír nó i bhfianaise na faisnéise a thug na soláthróirí uisce i gcomhréir le mír 3, roghnóidh na Ballstáit iad as pointí (c)(i) go (c)(vii) den chéad fhomhír.
Chun críoch an fhaireacháin iomchuí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, lena n-áirítear chun substaintí nua atá díobhálach do shláinte an duine a bhrath trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhfaireachán arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Threoir 2000/60/CE nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus atá ábhartha maidir leis na dobharcheantair do phointí astarraingthe.