6. Féadfaidh na Ballstáit soláthróirí uisce a sholáthraíonn idir 10 agus 100 m3 in aghaidh an lae ar an meán nó a fhreastalaíonn ar idir 50 agus 500 duine a dhíolmhú ón gceanglas maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthar a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás inniúil sásta nach gcuirfí as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine le díolúine den sórt sin.
I gcás díolúine den sórt sin, déanfaidh na soláthróirí uisce sin arna ndíolmhú faireachán rialta i gcomhréir le hAirteagal 13.