+Airteagal 9 Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
|
Airteagal 9 Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an soláthróir uisce measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an méid a leanas sa mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair:
|
(a)
|
cuirfear san áireamh ann torthaí an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8;
|
|
(b)
|
áireofar ann cur síos ar an gcóras soláthair ó phointe astarraingthe, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce go dtí an pointe soláthair; agus
|
|
(c)
|
sainaithneofar leis na guaiseacha agus eachtraí guaiseacha sa chóras soláthair agus áireofar ann measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo sin do shláinte an duine trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ag cur san áireamh rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide, as sceitheadh agus as píobáin a bhíonn ag sceitheadh uisce.
|
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar na bearta bainistithe riosca seo a leanas:
|
(a)
|
go ndéanfar bearta rialála a shainiú agus a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a shainaithnítear sa chóras soláthair a d’fhéadfadh cur as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chosc agus a mhaolú;
|
|
(b)
|
go ndéanfar bearta rialála sa chóras soláthair a shainiú agus a chur chun feidhme de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Treoir seo nó Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE chun rioscaí a thagann ó na dobharcheantair do phointí astarraingthe a d’fhéadfadh cur as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a mhaolú;
|
|
(c)
|
go ndéanfar clár faireacháin oibríochtúil atá dírithe go sonrach ar sholáthar a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 13;
|
|
(d)
|
go n-áiritheofar, i gcás ina mbíonn dífhabhtú mar chuid d’ullmhú agus de dháileadh an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, go ndéanfar bailíochtú ar éifeachtúlacht na cóireála dífhabhtaithe a rinneadh, go gcoinneofar aon éilliú de bharr seachtháirgí dífhabhtúcháin a ísle is féidir, gan cur as don chóireáil dífhabhtaithe, go gcoinneofar aon éilliú de bharr ceimiceáin chóireála a ísle is féidir, agus nach gcuirfear comhlíonadh na n-oibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4 i mbaol mar gheall ar aon substaint a bheidh fágtha san uisce;
|
|
(e)
|
go fíorófar go gcomhlíonfar Airteagail 11 agus 12 leis na hábhair, na ceimiceáin chóireála agus na meáin scagaire a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus a úsáidtear sa chóras soláthair.
|
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair a dhéantar i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na Ballstáit an méid a leanas:
|
(a)
|
ceadóidh siad an deis a bheith ann minicíocht an fhaireacháin a dhéantar ar pharaiméadar a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, cé is moite de na croípharaiméadair dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II, má tá an t-údarás inniúil sásta nach gcuirfí as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine dá ndéanfaí amhlaidh:
|
(i)
|
ar bhonn paraiméadar a bheith in amhuisce, i gcomhréir leis an measúnú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus (2);
|
|
(ii)
|
i gcás nach féidir paraiméadar a bheith ann ach amháin mar thoradh ar theicníc cóireála nó modh dífhabhtaithe áirithe a bheith in úsáid, agus nach bhfuil an teicníc nó modh sin in úsáid ag an soláthróir uisce; nó
|
|
(iii)
|
ar bhonn na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II;
|
|
|
(b)
|
áiritheoidh siad go leathnófar an liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 13 nó go méadófar minicíocht an fhaireacháin:
|
(i)
|
ar bhonn paraiméadar a bheith in amhuisce, i gcomhréir leis an measúnú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus (2); nó
|
|
(ii)
|
ar bhonn na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II.
|
|
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Bainfidh an measúnú riosca ar an gcóras soláthair le paraiméadair a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn I, paraiméadair a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus substaintí nó comhdhúil atá san áireamh ar an liosta faire a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(8).
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Féadfaidh na Ballstáit soláthróirí uisce a sholáthraíonn idir 10 agus 100 m3 in aghaidh an lae ar an meán nó a fhreastalaíonn ar idir 50 agus 500 duine a dhíolmhú ón gceanglas maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthar a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás inniúil sásta nach gcuirfí as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine le díolúine den sórt sin.
I gcás díolúine den sórt sin, déanfaidh na soláthróirí uisce sin arna ndíolmhú faireachán rialta i gcomhréir le hAirteagal 13.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|