+Airteagal 10 Measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
|
Airteagal 10 Measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile. Beidh na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú riosca:
|
(a)
|
anailís ghinearálta ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann atá bainteach le córais dáileacháin baile, agus le táirgí gaolmhara agus ábhair ghaolmhara, agus ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann na rioscaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann difear do cháilíocht an uisce ag an bpointe ina dtagann sé as na buacairí a úsáidtear de ghnáth d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; ní bheidh anailís ar airíonna aonair i gceist leis an anailís ghinearálta sin; agus
|
|
(b)
|
faireachán ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I in áitribh ina ndearnadh rioscaí sonracha maidir le cáilíocht an uisce agus sláinte an duine a shainaithint agus an anailís ghinearálta á déanamh faoi phointe (a).
|
Maidir le Legionella nó luaidhe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an faireachán dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dhíriú ar áitribh thosaíochta.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. I gcás ina mbainfidh na Ballstáit de thátal, ar bhonn na hanailíse ginearálta a rinneadh faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, gurb ann do riosca do shláinte an duine a thagann as córais dáileacháin baile nó as na táirgí gaolmhara agus na hábhair ghaolmhara, nó i gcás inar léir san fhaireachán a rinneadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 nár comhlíonadh na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar bearta iomchuí chun an riosca nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I a dhíchur nó a laghdú.
Maidir le Legionella, díreofar leis na bearta sin ar áitribh thosaíochta ar a laghad.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Chun na rioscaí a bhaineann le dáileadh baile a laghdú i ngach ceann de na córais dáileacháin baile, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach ceann de na bearta seo a leanas a mheas agus go ndéanfar na bearta sin a mheastar a bheith ábhartha:
|
(a)
|
spreagadh a thabhairt d’úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh chun measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile a dhéanamh;
|
|
(b)
|
tomhaltóirí agus úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh a chur ar an eolas faoi bhearta atá ann chun díchur nó laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i ngeall ar an gcóras dáileacháin baile;
|
|
(c)
|
comhairle a chur ar thomhaltóirí faoi dhálaí tomhaltais agus faoi úsáid an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus faoi aon ghníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh chun a sheachaint go dtarlófaí na rioscaí sin arís;
|
|
(d)
|
oiliúint a chur chun cinn maidir le pluiméirí agus gairmithe eile a bhíonn ag déileáil le córais dáileacháin baile agus le suiteáil táirgí foirgníochta agus ábhar foirgníochta a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;
|
|
(e)
|
maidir le Legionella, a áirithiú go bhfuil bearta éifeachtacha rialaithe agus bainistithe atá comhréireach leis an riosca i bhfeidhm chun ráigeanna féideartha an ghalair a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu; agus
|
|
(f)
|
maidir le luaidhe, más indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, bearta a chur chun feidhme chun rudaí eile a úsáid in áit comhchodanna atá déanta as luaidhe sna córais dáileacháin baile atá ann cheana.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|