3. Beidh na chéad liostaí dearfacha Eorpacha atá le glacadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 bunaithe, inter alia, ar liostaí dearfacha náisiúnta atá ann cheana, ar fhorálacha náisiúnta eile atá ann agus ar na measúnuithe riosca as ar tháinig bunú na liostaí náisiúnta sin. Chun na críche sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra do ECHA faoi aon liostaí dearfacha náisiúnta atá ann cheana, faoi fhorálacha eile agus faoi aon doiciméid mheasúnaithe atá ar fáil faoin 12 Iúil 2021.
Cuirfear san áireamh sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe d’ábhair orgánacha an liosta a bhunaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.