5. Chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha nó iad a bhaint de na liostaí sin, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nó údaráis ábhartha iarratais a chur faoi bhráid ECHA.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21, chun an Treoir seo a fhorlíonadh, trí nós imeachta maidir leis an bpróiseas iarratais, lena n-áirítear ceanglais maidir le faisnéis, a leagan síos. Leis an nós imeachta, áiritheofar go mbeidh measúnuithe riosca i gceangal le hiarratais agus go soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha nó na húdaráis ábhartha an fhaisnéis is gá don mheasúnú riosca i bhformáid shonrach.