|
+Airteagal 11 7 |
Airteagal 11 77. Maidir le táirgí arna bhformheas i gcomhréir le híoscheanglais shonracha sláinteachais dá bhforáiltear i mír 2, measfaidh na Ballstáit go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir a chur ar an margadh chun críocha na Treorach seo ach táirgí den sórt sin a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a úsáideann ábhair dheiridh arna bhformheas i gcomhréir leis an Treoir seo. Ní chuirfidh sin bac ar aon Bhallstát, go háirithe nuair a éilítear sin de bharr cháilíocht an amhuisce áitiúil shonraigh, bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach maidir le húsáid ábhar deiridh i gcúinsí sonracha nó a bhfuil údar cuí leo, i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE. Cuirfear bearta den sórt sin in iúl don Choimisiún. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí a chumhdaítear faoin Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|