8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21, chun an Treoir seo a fhorlíonadh, tríd an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear faoin Airteagal seo a chinneadh ar bhonn na modúl in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Agus cinneadh á dhéanamh faoin nós imeachta um measúnú comhréireachta atá le húsáid, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir seo, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh aige. Chun na críche sin, beidh mar thúsphointe ag an gCoimisiún Córas 1+ measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, nó nós imeachta atá coibhéiseach tríd is tríd, ach amháin i gcás ina mbeadh sé díréireach. Beidh rialacha sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo freisin maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú, i gcás ina mbeidh baint ag comhlachtaí den sórt sin leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta faoi seach.