12. Tráth nach déanaí ná an 12 Eanáir 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an chórais mar a leagtar amach san Airteagal seo é agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe go háirithe ar thaithí a fuarthas trí Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004 agus (AE) Uimh. 305/2011 a chur i bhfeidhm, ina measfar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sláinte an duine a chosaint go leordhóthanach ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a chumhdaítear faoin Airteagal seo;
|
|
(b)
|
cé acu atá nó nach bhfuil an margadh inmheánach do tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag feidhmiú go cuí;
|
|
(c)
|
cé acu atá nó nach bhfuil gá le haon togra reachtach breise ar na hábhair a chumhdaítear leis an Airteagal seo.
|