|
+Airteagal 13 8 |
Airteagal 13 88. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun liosta faire a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta lena dtugtar aghaidh ar shubstaintí nó comhdhúile is ábhar imní don phobal nó do chomhphobal na heolaíochta ar fhorais sláinte (“an liosta faire”), amhail earraí cógaisíochta, comhdhúile lena suaitear an córas inchríneach agus micreaphlaistigh. Cuirfear substaintí agus comhdhúile leis an liosta faire i gcás inar dócha go mbeidh siad in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo do shláinte an duine. Chuige sin, bainfidh an Coimisiún úsáid, go háirithe, as taighde eolaíoch EDS. Tabharfar údar cuí le haon substaint nó comhdhúil nua a chur leis an liosta faire faoi Airteagail 1 agus 4. Beidh Béite éastraidé-ól agus Naoinilfeanól san áireamh ar an gcéad liosta faire ós rud é go bhfuil airíonna iontu lena suaitear an córas inchríneach agus go bhfuil riosca do shláinte an duine ag gabháil leo. Bunófar an chéad liosta faire faoin 12 Eanáir 2022. Leis an liosta faire, léireofar treoirluach do gach substaint nó comhdhúil agus, i gcás inar gá, modh anailíse a d’fhéadfadh a bheith ann nach bhfuil costais iomarcacha ag baint leis. Cuirfidh na Ballstáit ceanglais faireacháin i bhfeidhm maidir le láithreacht fhéideartha substaintí nó comhdhúl atá san áireamh ar an liosta faire, ag pointí ábhartha den slabhra soláthair d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 8(1), (2) agus (3) den Treoir seo a chur san áireamh agus féadfaidh siad úsáid a bhaint as na sonraí faireacháin arna mbailiú i gcomhréir le Treoracha 2000/60/CE agus 2008/105/CE, nó reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun forluí na gceanglas faireacháin a sheachaint. Áireofar torthaí an fhaireacháin sna tacair sonraí, a bhunaítear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 18(1), mar aon le torthaí an fhaireacháin a rinneadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2). I gcás ina mbraithfear substaint nó comhdhúil a áirítear sa liosta faire, faoi Airteagal 8(2) nó faoin gcúigiú fomhír den mhír seo, i dtiúchana a sháraíonn na treoirluachanna a leagtar amach sa liosta faire, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta seo a leanas ar fad a mheas agus go ndéanfar na bearta sin a mheastar a bheith ábhartha:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|