2. Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh, nach gcomhlíonann uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, agus gan dochar d’Airteagal 6(2), áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun cáilíocht an uisce sin a athbhunú agus tabharfaidh sé tosaíocht dá forfheidhmiú, ag féachaint, inter alia, don mhéid a sáraíodh an luach paraiméadrach ábhartha agus don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine mar gheall air sin.
I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I, beidh na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(3) ina gcuid den ghníomhaíocht feabhais.