+Airteagal 14 Gníomhaíocht feabhais agus srianta ar úsáid
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
|
Airteagal 14 Gníomhaíocht feabhais agus srianta ar úsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. I gcás aon mhainneachtana na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar imscrúdú láithreach chun an chúis leis an mainneachtain a shainaithint.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh, nach gcomhlíonann uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, agus gan dochar d’Airteagal 6(2), áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun cáilíocht an uisce sin a athbhunú agus tabharfaidh sé tosaíocht dá forfheidhmiú, ag féachaint, inter alia, don mhéid a sáraíodh an luach paraiméadrach ábhartha agus don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine mar gheall air sin.
I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I, beidh na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(3) ina gcuid den ghníomhaíocht feabhais.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. Gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh aon mhainneachtain ann na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear aon soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol nó áiritheoidh siad go gcuirfear srian ar úsáid an uisce sin agus go ndéanfar aon ghníomhaíocht feabhais eile is gá chun sláinte an duine a chosaint.
I gcás mainneachtain na híoscheanglais maidir le luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an mhainneachtain sin a mheas mar bhaol a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach bhfuil i neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh ach neamhchomhlíonadh fánach.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Sna cásanna a bhfuil tuairisc orthu i míreanna 2 agus 3, i gcás ina measfar go bhféadfadh neamhchomhlíonadh na luachanna paraiméadracha sláinte an duine a chur i mbaol, déanfaidh na Ballstáit, a luaithe is féidir, na bearta uile seo a leanas:
|
(a)
|
fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus an chúis leis an mbaol sin, faoin sárú ar luach paraiméadrach agus faoi na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, lena n-áirítear toirmeasc nó srian ar úsáid nó gníomhaíocht eile;
|
|
(b)
|
an chomhairle is gá a chur ar thomhaltóirí, agus iad a choinneáil ar an eolas go rialta, faoi dhálaí tomhaltais agus úsáid an uisce, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí den daonra a bhfuil rioscaí ardaithe a bhaineann le huisce ann dóibh; agus
|
|
(c)
|
na tomhaltóirí a chur ar an eolas a luaithe a shuífear nach bhfuil baol ann a thuilleadh a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol agus iad a chur ar an eolas go bhfuil an tseirbhís ar ais mar is gnách arís.
|
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Cinnfidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí ábhartha eile an ghníomhaíocht atá le déanamh faoi mhír 3, agus aird á tabhairt acu ar na rioscaí do shláinte an duine a thiocfadh as cur isteach ar an soláthar nó as srian a chur ar úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.
|
|
Airteagal 14 6
|
6. I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha nó na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I, measfaidh na Ballstáit an bhfuil aon riosca do shláinte an duine ag eascairt as an neamhchomhlíonadh sin. Déanfaidh siad gníomhaíocht feabhais chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a thabhairt ar ais i gcás inar gá sin chun sláinte an duine a chosaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020L2184
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|