3. Gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh aon mhainneachtain ann na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear aon soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol nó áiritheoidh siad go gcuirfear srian ar úsáid an uisce sin agus go ndéanfar aon ghníomhaíocht feabhais eile is gá chun sláinte an duine a chosaint.
I gcás mainneachtain na híoscheanglais maidir le luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an mhainneachtain sin a mheas mar bhaol a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach bhfuil i neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh ach neamhchomhlíonadh fánach.