4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le tabhairt faoi mhíreanna 1 agus 3, agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis sin a chur i láthair, lena n-áirítear ceanglais mhionsonraithe maidir leis na táscairí, na mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus na tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22.