+Airteagal 4 Oibleagáidí soláthróirí bonn
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.
---+Airteagal 4 10.
|
Airteagal 4 Oibleagáidí soláthróirí bonn
Oibleagáidí soláthróirí bonn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Áiritheoidh soláthróirí go bhfuil an méid seo a leanas ag gabháil, saor in aisce, le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh:
(a)
maidir le gach bonn aonair, lipéad boinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge; nó
(b)
maidir le gach baisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, lipéad boinn clóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Maidir le boinn a dhíoltar nó a thairgtear lena ndíol trí chiandíolachán, áiritheoidh na soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais, agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge i bhfoirm chlóite, lena n-áirítear teacht air ar iarratas ón úsáideoir deiridh. Beidh an lipéad boinn ar mhéid a chiallóidh go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus go mbeidh sé inléite agus comhréireach leis an méid a shonraítear i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II. Maidir le boinn a dhíoltar ar an idirlíon nó a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon, féadfaidh soláthróirí an lipéad boinn a chur ar fáil do chineál boinn sonrach i dtaispeántas neadaithe.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Áiritheoidh na soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál sonrach boinn. Má léiríonn an fógra amhairc an praghas don chineál boinn sin, beidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais. Maidir le fógraí amhairc ar líne, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn den chineál sin boinn ar thaispeáint ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, agus go n-áirítear san ábhar fógraíochta sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV .
|
|
Airteagal 4 5.
|
Soláthróidh soláthróirí d'údarás náisiúnta ábhartha, mar a shainítear i bpointe (37) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 iad, na luachanna a úsáidtear chun na haicmí gaolmhara a chinneadh agus aon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhóidh an soláthróir ar lipéad boinn na gcineálacha bonn, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith leis an lipéad boinn a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfear an fhaisnéis sin faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha ar bhonn Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo sula gcuirfear na cineálacha bonn atá i gceist ar an margadh, ionas go bhféadfaidh an t‐údarás cruinneas an lipéid boinn a fhíorú.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh na lipéid boinn agus na bileoga faisnéise faoi tháirge a sholáthraíonn siad cruinn.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Féadfaidh soláthróirí doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil d'údaráis na mBallstát, seachas na húdaráis sin a luaitear i mír 5, nó do chomhlachtaí creidiúnaithe ábhartha náisiúnta ar iarratas.
|
|
Airteagal 4 8.
|
Oibreoidh na soláthróirí i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh, arb é a chúram é, an Rialacháin seo, a leigheas ar a gconlán féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu é.
|
|
Airteagal 4 9.
|
Ní dhéanfaidh na soláthróirí lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar dóigh go mbeadh mar thoradh air go gcuirfeadh siad úsáideoirí deiridh ar míthreoir nó go gcuirfeadh siad mearbhall orthu maidir leis na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I dá ndéanfaidís amhlaidh.
|
|
Airteagal 4 10.
|
Ní dhéanfaidh na soláthróirí lipéid a chur ar fáil ná a chur ar taispeáint a dhéanann aithris ar an lipéad boinn dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|