+Airteagal 11 Oibleagáidí na mBallstát
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
|
Airteagal 11 Oibleagáidí na mBallstát
Oibleagáidí na mBallstát
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar bhoinn a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh nó i seirbhís, laistigh dá gcríocha i gcás ina gcomhlíonann na boinn sin an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 11 2.
|
I gcás ina ndéanann na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar maidir le boinn, níor cheart go ndíreofaí dreasachtaí den sórt sin ach ar bhoinn atá in aicmí A nó B maidir le friotaíocht rollta nó fliuchghreim de réir bhrí Chodanna A agus B d'Iarscríbhinn I. Chun críoch an Rialacháin seo, ní dreasachtaí a bheidh i mbearta cánachais ná bearta fioscacha.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údarás náisiúnta mar a shainítear i bpointe (37) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 lena chreidiúint nach ndearna soláthróir cruinneas an lipéid boinn a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo, fíoróidh sé go bhfuil na haicmí agus aon fhaisnéis feidhmíochta bhreise a dhearbhaítear ar an lipéad i gcomhréir leis na luachanna agus leis an doiciméadacht a thíolaic an soláthróir, i gcomhréir le hAirteagal 4(5) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 11 4.
|
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta córas iniúchtaí simplí agus ad hoc ar dhíolphointí chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus sásraí forfheidhmiúcháin is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, faoin 1 Bealtaine 2021, faoi na rialacha sin agus na bearta sin nár tugadh fógra don Choimisiún roimhe sin fúthu, agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|