+Airteagal 13 Gníomhartha tarmligthe
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.

Airteagal 13 Gníomhartha tarmligthe

Gníomhartha tarmligthe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d'fhonn an méid seo a leanas a leasú:

(a) 

Iarscríbhinn II maidir le hábhar agus formáid an lipéid boinn;

(b) 

Cuid D agus Cuid E d'Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II, III, IV, V, VI agus VII, a leasú trí na luachanna, modhanna ríofa agus ceanglais a leagtar amach iontu a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch.

Airteagal 13 2.
Faoi 26 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí cheanglais nua faisnéise a thabhairt isteach i gcomhair boinn atráchtaithe sna hIarscríbhinní, ar choinníoll go bhfuil modh tástála oiriúnach ar fáil.
Airteagal 13 3.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 14 chun paraiméadair nó ceanglais faisnéise maidir le scríobadh bonn agus míleáiste a áireamh, a luaithe a bheidh modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe chun scríobadh bonn agus míleáiste a thástáil agus a thomhas ar fáil lena n-úsáid ag eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair críochnúil; agus

(b) 

go ndearna an Coimisiún comhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí iomchuí.

Airteagal 13 4.
I gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú ag an gCoimisiún, déanfaidh an Coimisiún ábhar agus formáid na lipéad boinn shonracha a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na lipéid boinn soiléir sothuigthe agus foilseoidh an Coimisiún na torthaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.