+IARSCRÍBHINN I PARAIMÉADAIR BHONN A THÁSTÁIL, A GHRÁDÚ AGUS A THOMHAS

IARSCRÍBHINN I PARAIMÉADAIR BHONN A THÁSTÁIL, A GHRÁDÚ AGUS A THOMHAS

IARSCRÍBHINN I

PARAIMÉADAIR BHONN A THÁSTÁIL, A GHRÁDÚ AGUS A THOMHAS

Cuid A: Aicmí éifeachtúlachta breosla agus comhéifeacht friotaíochta rollta

Déanfar an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC in N/kN) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117, agus arna ailíniú i gcomhréir leis an nós imeachta ailínithe saotharlainne a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Má bhaineann cineál boinn le níos mó ná aon aicmiú boinn amháin (e.g. C1 agus C2), is é an scála grádaithe sin atá infheidhme maidir leis an aicmiú is airde boinn (e.g. C2, seachas C1) an scála a úsáidfear chun aicme éifeachtúlachta breosla an chineáil sin boinn a chinneadh.


 

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC in N/kN

RRC in N/kN

RRC in N/kN

A

RRC ≤ 6,5

RRC ≤ 5,5

RRC ≤ 4,0

B

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

C

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

6,8 ≤ RRC ≤ 8,0

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

8,1 ≤ RRC ≤ 9,0

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

E

RRC ≥ 10,6

RRC ≥ 9,1

RRC ≥ 7,1

Cuid B: Aicmí fliuchghreama

1. Déanfar an aicme fliuchghreama a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna ríomh i gcomhréir le pointe 2 agus arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

2. An treoiruimhir fliuchghreama (G) a ríomh

G = G(T) 0,03

i gcás:

G(T) = treoiruimhir fliuchghreama an bhoinn iarrthaigh mar a thomhaistear in aon timthriall tástála amháin í


 

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

Aicme fliuchghreama

G

G

G

A

1,55 ≤ G

1,40 ≤ G

1,25 ≤ G

B

1,40 ≤ G ≤ 1,54

1,25 ≤ G ≤ 1,39

1,10 ≤ G ≤ 1,24

C

1,25 ≤ G ≤ 1,39

1,10 ≤ G ≤ 1,24

0,95 ≤ G ≤ 1,09

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

0,95 ≤ G ≤ 1,09

0,80 ≤ G ≤ 0,94

E

G ≤ 1,09

G ≤ 0,94

G ≤ 0,79

Cuid C: Aicmí torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste

Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N, in dB(A)) a dhearbhú i ndeicibeilí agus a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Déanfar aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn mar a leanas, ar bhonn na dteorainnluachanna (LV) a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009:


N ≤ LV – 3

LV – 3 < N ≤ LV

N > LV

image

image

image

Cuid D: Greim sneachta

Déanfar an fheidhmíocht sa sneachta a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Rangófar mar bhonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greim sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus áireofar an picteagram a leanas ar an lipéad boinn.

image

Cuid E: Greim ar an oighear

Déanfar an fheidhmíocht greama oighir a thástáil i gcomhréir le modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin idirnáisiúnta, lena gcuirtear san áireamh úrscothacht a aithnítear go ginearálta.

Cuirfear san áireamh ar lipéad boinn i gcás boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir an picteagram seo a leanas:

image

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0740
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.