|
+IARSCRÍBHINN VI AN NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁIN |
IARSCRÍBHINN VI AN NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁINIARSCRÍBHINN VI AN NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁIN Déanfar comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtúlacht breosla, fliuchghreim agus torann seachtrach rollta leis an Rialachán seo, mar aon leis na luachanna dearbhaithe, agus aon fhaisnéis bhreise maidir le feidhmíocht a bheidh ar an lipéad, a mheasúnú i gcás gach cineáil boinn nó i gcás gach grúpála bonn, mar a chinneann an soláthróir, de réir ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:
1.
Tástáiltear aon bhonn amháin nó aon tacar amháin bonn ar dtús. Má tá an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dhearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, measfar an lipéad boinn a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Más rud é nach bhfuil na luachanna tomhaiste comhréireach leis na haicmí dearbhaithe nó le luach dearbhaithe an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, tástáiltear trí bhonn breise nó trí thacar bonn breise; úsáidtear meán na luachanna tomhais a fhaightear ó na trí bhonn breise nó na trí thacar bonn breise a thástáiltear chun fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht leis an bhfaisnéis a dearbhaíodh agus na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos á gcur san áireamh.
2.
I gcás ina ndíorthófar na haicmí nó na luachanna lipéadaithe ar an lipéad boinn ó thorthaí tástála cineálcheadaithe arna bhfáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, nó i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí tomhaiste arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta ar bhoinn, a rinneadh faoin nós imeachta cineálcheadaithe arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/858. San áireamh leis na measúnuithe ar na sonraí tomhais arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta beidh na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|