+Preamble: 1
|
Preamble: 1
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Tá níos mó agus níos mó brú ag teacht ar acmhainní uisce an Aontais, rud a fhágann ganntanas uisce agus meathlú ar cháilíocht an uisce. Go háirithe, tá athrú aeráide, patrúin aimsire nach féidir a thuar agus triomach ag cur go suntasach leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce, ar brú é a thagann as forbairt uirbeach agus talmhaíocht.
|
|
(2)
|
D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do bhrúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce cóireáilte, astarraingt ó dhobharlaigh dromchla agus ó dhobharlaigh screamhuisce a theorannú, tionchar scaoileadh fuíolluisce chóireáilte isteach i ndobharlaigh a laghdú, agus coigilteas uisce a chur chun cinn trí fhuíolluisce uirbeach a úsáid ar an iliomad bealach, agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú. Luaitear i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) athúsáid uisce, in éineacht le cur chun cinn úsáid teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de i dtionscail agus i dteicnící uiscithe atá coigilteach ar uisce, mar cheann de na bearta forlíontacha a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú a cur i bhfeidhm chun cuspóirí na Treorach sin maidir le dea-stádas uisce cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh dobharlaigh dromchla agus dobharlaigh screamhuisce a bhaint amach. Ceanglaítear le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (5) go ndéanfaí fuíolluisce cóireáilte a athúsáid cibé uair is iomchuí.
|
|
(3)
|
Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 dar teideal “A Blueprint to Safeguard Europe’s Water Resource
s” [“Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint”], tarraingítear aird ar an ngá atá le hionstraim a chruthú chun caighdeáin a rialáil ar leibhéal an Aontais i ndáil le hathúsáid uisce,chun na bacainní ar úsáid fhorleathan rogha malartaí uisce den sórt sin a sholáthar, eadhon ionstraim lenar féidir rannchuidiú le ganntanas uisce agus leochaileacht córas soláthair uisce a laghdú.
|
|
(4)
|
Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2007 dar teideal “Addressing the challenge of water scarcity and droughts in the European Unio
n” [“Ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach”], leagtar amach ordlathas na mbeart ba cheart do na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomaigh á mbainistiú acu. Deirtear inti, maidir leis na réigiúin inar cuireadh chun feidhme na bearta coisctheacha go léir de réir an ordlathais uisce agus inar mó an t-éileamh ar uisce ná an infhaighteacht go fóill, gur féidir le bonneagar breise um sholáthar uisce, in imthosca áirithe, agus gné an chostais agus tairbhe á cur san áireamh go cuí, a bheith ina chur chuige malartach chun iarmhairtí triomaigh thromchúisigh a mhaolú.
|
|
(5)
|
Ina rún an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach (6), meabhraíonn Parlaimint na hEorpa di féin gur cheart tús áite a thabhairt do chur chuige atá dírithe ar an éileamh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ach measann sí gur cheart don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ag cumasc bearta bainistithe éilimh, bearta chun barrfheabhsú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann cheana laistigh den timthriall uisce agus bearta chun acmhainní nua a chruthú, agus gur gá don chur chuige breithnithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú.
|
|
(6)
|
Ina theachtaireacht an 2 Nollaig 2015 dar teideal “Closing the loop - An EU action plan for the Circular Econom
y” [“An Bhearna á dúnadh - plean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach”], gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé sraith gníomhaíochtaí chun athúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn, lena n-áirítear togra reachtach a fhorbairt maidir leis na híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce. Ba cheart don Choimisiún uasdátú a dhéanamh ar a phlean gníomhaíochta agus ba cheart acmhainní uisce a bheith ina réimse tosaíochta aige a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith.
|
|
(7)
|
Is é is cuspóir leis an Rialachán seo glacadh athúsáide uisce a éascú nuair is iomchuí agus costéifeachtach, agus creat cumasúcháin á chruthú, leis sin, le haghaidh na mBallstát sin ar mian leo nó gur gá dóibh athúsáid uisce a dhéanamh. Is rogha a d’fhéadfadh a bheith fiúntach í athúsáid uisce do go leor Ballstát, ach go dtí seo níl athúsáid uisce á déanamh ná reachtaíocht nó caighdeáin náisiúnta glactha maidir leis sin ach ag líon beag díobh. Ba cheart don Rialachán seo a bheith solúbtha go leor chun go ligfí leanúint d’athúsáid uisce a dhéanamh agus, ag an am céanna, chun a áirithiú go mbeidh an deis ag Ballstáit eile na rialacha sin a chur i bhfeidhm nuair a chinneann siad an cleachtas sin a thabhairt isteach ag céim níos déanaí. Aon chinneadh a dhéanfaí gan athúsáid uisce a dhéanamh, ba cheart údar cuí a thabhairt leis ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo agus ba cheart é a athbhreithniú ar bhonn rialta.
|
|
(8)
|
Le Treoir 2000/60/CE, tugtar an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun bearta forlíontacha a áireamh sna cláir de bhearta a ghlacann siad chun tacú lena gcuid iarrachtaí chun na cuspóirí cáilíochta uisce a bhunaítear leis an Treoir sin a bhaint amach. Tá bearta athúsáide uisce, i measc nithe eile, sa liosta neamheisiach de bhearta forlíontacha dá bhforáiltear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhréir le hordlathas beart a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomach á mbainistiú acu agus lena spreagtar bearta atá sa raon idir coigiltis uisce agus lena dtugtar tosaíocht is ísle do bheartas praghsála uisce agus réitigh mhalartacha, agus aird chuí á tabhairt ar ghné an chostais agus tairbhe, ba cheart na híoscheanglais maidir le hathúsáid uisce, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, a bheith infheidhme aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a athúsáid, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta.
|
|
(9)
|
Meastar go bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle ag baint le hathúsáid fuíolluisce atá cóireáilte mar is ceart, mar shampla ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ná modhanna malartacha eile soláthair uisce, amhail aistrithe uisce nó díshalannú. Mar sin féin, le hathúsáid den sórt sin uisce, rud a d’fhéadfadh cur amú uisce a laghdú agus uisce a spáráil, ní dhéantar í ach ar bhonn teoranta san Aontas. Dealraíonn sé go bhfuil sé sin mar thoradh go páirteach ar chostas suntasach na gcóras athúsáide fuíolluisce agus ar chaighdeáin chomhchoiteanna chomhshaoil agus sláinte an Aontais a bheith in easnamh le haghaidh athúsáid uisce, agus, go háirithe, maidir le táirgí talmhaíochta, i ngeall ar na rioscaí ionchasacha sláinte agus comhshaoil agus bacainní ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaorghluaiseacht na dtáirgí sin a ndearnadh iad a uisciú le huisce athshlánaithe.
|
|
(10)
|
Na caighdeáin sláinte maidir le sláinteachas bia le haghaidh táirgí talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin más rud é nach bhfuil na ceanglais cháilíochta d’uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta éagsúil go suntasach sna Ballstáit. Rannchuideodh comhchuibhiú ceanglas freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis na táirgí sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, íosleibhéil chomhchuibhithe a thabhairt isteach trí íoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagan síos. Ba cheart a bheith sna híoscheanglais sin íospharaiméadair d’uisce athshlánaithe atá bunaithe ar na tuarascálacha teicniúla ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus a léiríonn na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hathúsáid uisce, agus ceanglais eile níos déine nó ceanglais bhreise cháilíochta a fhorchuirfidh údaráis inniúla, más gá, mar aon le haon bhearta coisctheacha ábhartha.
|
|
(11)
|
Le hathúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta, is féidir rannchuidiú freisin leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn trí chothaithigh a aisghabháil ón uisce athshlánaithe agus iad a chur ar bharra, trí bhíthin teicnící uiscithe leasaithigh. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an gá le leasacháin mhianracha bhreise a laghdú trí athúsáid uisce. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi chion cothaitheach an uisce athshlánaithe.
|
|
(12)
|
D’fhéadfadh athúsáid uisce rannchuidiú le cothaithigh i bhfuíolluisce uirbeach cóireáilte a athshlánú, agus d’fhéadfadh úsáid uisce athshlánaithe chun críoch uisciúcháin sa talmhaíocht nó san fhoraoiseacht a bheith ina bealach chun cothaithigh, amhail nítrigin, fosfar agus potaisiam, a chur ar ais i dtimthriallta bithgheoiceimiceacha nádúrtha.
|
|
(13)
|
Sainaithníodh an infheistíocht mhór a bhfuil gá léi chun gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a uasghrádú agus an easpa dreasachtaí airgeadais chun athúsáid uisce a dhéanamh sa talmhaíocht a bheith i measc na gcúiseanna nach nglactar go forleathan le hathúsáid uisce san Aontas. Ba cheart é a bheith indéanta aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí scéimeanna nuálacha agus dreasachtaí eacnamaíocha a chur chun cinn chun na costais agus na tairbhí socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le hathúsáid uisce a chur san áireamh mar is iomchuí.
|
|
(14)
|
Ba cheart comhlíonadh íoscheanglas le haghaidh athúsáid uisce a bheith comhsheasmhach le beartas uisce an Aontais agus ba cheart dó rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc 6, a bhaint amach, chun a áirithiú go mbeadh rochtain do chách ar uisce agus ar shláintíocht agus go ndéanfaí bainistiú inbhuanaithe orthu a áirithiú chomh maith le méadú suntasach ar athchúrsáil uisce agus athúsáid shábháilte uisce ar fud an domhain d’fhonn rannchuidiú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo, ba cheart féachaint lena áirithiú go gcuirfear Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le cosaint comhshaoil i bhfeidhm.
|
|
(15)
|
I roinnt cásanna, iompraíonn agus stórálann oibreoirí saoráidí athshlánaithe fós an t-uisce athshlánaithe níos faide ná asraon na saoráide athshlánaithe, sula ndéanann siad é a sheachadadh chuig na chéad ghníomhaithe eile sa slabhra, amhail oibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe, oibreoir stórála an uisce athshlánaithe nó an t-úsáideoir deiridh. Is gá an pointe comhlíonta a shainiú chun a shoiléiriú mar a bhfuil foirceann fhreagracht oibreoir saoráide athshlánaithe agus mar a thosaíonn freagracht an chéad ghníomhaí eile sa slabhra.
|
|
(16)
|
Ba cheart gurbh é a bheadh i mbainistiú riosca rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach, agus ba cheart a ionchorprú ann an coincheap uisce athshlánaithe a tháirgeadh ar cháilíocht shonrach a cheanglaítear le haghaidh úsáidí ar leith. Ba cheart measúnú riosca a bheith bunaithe ar phríomheilimintí bainistithe riosca agus ba cheart go sainaithneofaí leis aon cheanglas cáilíochta uisce breise is gá chun cosaint leordhóthanach an chomhshaoil, shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart do na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce a áirithiú go n-úsáidfear agus go mbainisteofar uisce athshlánaithe go sábháilte agus nach bhfuil aon rioscaí ann don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe. Chun pleananna bainistithe riosca den sórt sin a fhorbairt, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an treoir nó na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana féin, amhail Treoirlínte ISO 20426:2018 maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh athúsáid uisce neamh-inólta, Treoirlínte ISO 16075:2015 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadail uiscithe, nó treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS).
|
|
(17)
|
Leagtar síos na ceanglais cháilíochta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine i dTreoir 98/83/CE ón gComhairle (7). Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach dtiocfaidh meathlú ar cháilíocht an uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine mar thoradh ar ghníomhaíochtaí athúsáide uisce. Ar an gcúis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce ar chosaint na ndobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a aistarraingt agus ar chosaint na gcriosanna coimirce ábhartha.
|
|
(18)
|
Ba cheart comhar agus idirghníomhaíocht idir na páirtithe éagsúla a bhaineann le próiseas athshlánaithe an uisce a bheith ina réamhchoinníoll chun nósanna imeachta cóireála athshlánaithe a bhunú i gcomhréir leis na ceanglais is gá d’úsáidí sonracha, agus chun go mbeifí in ann soláthar an uisce athshlánaithe a bheartú de réir éileamh na n-úsáideoirí deiridh.
|
|
(19)
|
Chun an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhealach éifeachtach, ba cheart gurbh iad na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe go príomha a bheadh freagrach as cáilíocht an uisce arna athshlánú ag an bpointe comhlíonta. Chun na híoscheanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos a chomhlíonadh, ba cheart d’oibreoirí saoráidí athshlánaithe faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce athshlánaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí na híoscheanglais maidir le faireachán a shuíomh, arb é a bheidh iontu minicíochtaí an fhaireacháin ghnáthrialta agus na spriocanna uainithe agus feidhmíochta le haghaidh faireachán ar bhailíochtú. Foráiltear do cheanglais áirithe le haghaidh faireachán gnáthrialta le Treoir 91/271/CEE.
|
|
(20)
|
Ba cheart a chumhdach sa Rialachán seo uisce athshlánaithe a fhaightear ó fhuíolluisce a bailíodh i gcórais bhailiúcháin, ar a ndearnadh cóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE agus ar a ndéantar tuilleadh cóireála sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó i saoráid athshlánaithe, chun na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaint amach. I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, ní gá córas bailiúcháin a sholáthar do cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra (p.e.) ná 2 000. Mar sin féin, ba cheart d’fhuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. a théann isteach i gcóras bailiúcháin a bheith faoi réir cóireáil iomchuí roimh don fhuíolluisce sin a scaoileadh isteach i bhfionnuisce nó inbhir, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE. Sa chomhthéacs sin, níor cheart d’fhuíolluisce ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin nuair a rachadh sé isteach i gcóras bailiúcháin agus nuair a bheadh sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Ar an dóigh chéanna, níor cheart baint a bheith ag an Rialachán seo le fuíolluisce tionsclaíoch in-bhithdhíghrádaithe ó ghléasraí de chuid na n-earnálacha tionsclaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/271/CEE, ach amháin má théann an fuíolluisce ó na gléasraí sin isteach i gcóras bailiúcháin agus má tá sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh.
|
|
(21)
|
Is gníomhaíocht faoi thionchar an mhargaidh í athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, atá bunaithe ar éilimh agus riachtanais na hearnála talmhaíochta, go háirithe i mBallstáit áirithe atá thíos le ganntanais acmhainní uisce. Ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húsáideoirí deiridh obair i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go bhfreastalóidh an t-uisce athshlánaithe a tháirgtear i gcomhréir leis na híoscheanglais cáilíochta arna mbunú leis an Rialachán seo ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh maidir leis na catagóirí barr. I gcásanna nach mbeidh na haicmí de cháilíocht uisce a tháirgeann na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe comhoiriúnach don chatagóir barr agus don mhodh uiscithe atá i bhfeidhm cheana féin sa limistéar atá i gceist, mar shampla i gcóras soláthair chomhchoitinn), d’fhéadfaí ceanglais cáilíochta uisce a bhaint amach trí úsáid a bhaint, ag céim eile ina dhiaidh sin, as roinnt roghanna cóireála uisce astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála le haghaidh an uisce athshlánaithe, i gcomhréir leis an gcur chuige ilbhacainne.
|
|
(22)
|
Chun athúsáid optamach acmhainní fuíolluisce uirbigh a áirithiú, ba cheart úsáideoirí deiridh oiliúint a fháil chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad uisce den aicme iomchuí de cháilíocht uisce athshlánaithe. I gcás ina bhfuil ceann scríbe anaithnid nó cinn scríbe iomadúla ag cineál sonrach bairr, ba cheart uisce athshlánaithe den aicme cáilíochta is airde a úsáid, mura gcuirtear bacainní iomchuí i bhfeidhm lena gcumasaítear an cháilíocht is gá a bhaint amach.
|
|
(23)
|
Is gá a áirithiú go bhfuil úsáid uisce athshlánaithe sábháilte, agus ar an gcaoi sin athúsáid uisce ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus muinín an phobail ann a fheabhsú. Níor cheart, dá bhrí sin, táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta a cheadú ach ar bhonn cead, arna dheonú ag údaráis inniúla na mBallstát. Chun cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, inrianaitheacht uisce athshlánaithe agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart na rialacha substainteacha do ceadanna den sórt sin a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit mionsonraí na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú, amhail na húdaráis inniúla a ainmniú agus na sprioc-amanna, a chinneadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na nósanna imeachta atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun ceadanna a dheonú, agus ba cheart iad a oiriúnú chun na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur san áireamh. Nuair a bheidh na páirtithe atá freagrach as an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce a tharraingt suas agus an t-údarás inniúil chun an cead a dheonú i ndáil le táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
|
|
(24)
|
Má tá oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus oibreoir stórála uisce athshlánaithe de dhíth, ba cheart é a bheith indéanta a chur de cheangal ar oibreoirí den sórt sin cead a bheith acu. Má chomhlíontar gach ceanglas don chead, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát cead a dheonú ina bhfuil na coinníollacha agus bearta riachtanacha uile atá bunaithe sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce.
|
|
(25)
|
Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí cóireála agus oibríochtaí athshlánaithe i dtaca le fuíolluisce uirbeach a dhéanamh san aon láthair fhisiciúil amháin, ag baint feidhm as an tsaoráid chéanna, nó as saoráidí éagsúla ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart an t-oibreoir céanna a bheith in ann a bheith mar oibreoir gléasra cóireála agus oibreoir saoráide athshlánaithe araon.
|
|
(26)
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach sa chead ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag an uisce athshlánaithe. I gcásanna neamhchomhlíonta, ba cheart do na húdaráis sin a cheangal ar na páirtithe freagracha na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an uisce athshlánaithe comhlíontach. Ba cheart soláthar an uisce a chur ar fionraí i gcás ina n-eascraíonn riosca suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe ón neamhchomhlíonadh.
|
|
(27)
|
Tá Rialacháin seo beartaithe a bheith mar chomhlánú ceanglais reachtaíocht eile an Aontais, go háirithe maidir le rioscaí sláinte agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol agus do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, go háirithe Treoracha 86/278/CEE (8) agus 91/676/CEE (9) ón gComhairle, Treoracha 91/271/CEE, 98/83/CE agus 2000/60/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 (10), (CE) Uimh. 852/2004 (11), (CE) Uimh. 183/2005 (12), (CE) Uimh. 396/2005 (13) agus (CE) Uimh. 1069/2009 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2006/7/CE (15), 2006/118/CE (16)
,
2008/105/CE (17) agus 2011/92/AE (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 2073/2005 (19), (CE) Uimh. 1881/2006 (20) agus (AE) Uimh. 142/2011 (21) ón gCoimisiún.
|
|
(28)
|
Le Rialachán Uimh. (CE) Uimh. 852/2004, leagtar síos rialacha ginearálta maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia agus cumhdaítear bia a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh agus a chur ar an margadh. Tugtar aghaidh sa Rialachán sin ar cháilíocht sláinte an bhia agus luaitear ar cheann de na prionsabail bhunúsacha gur ar an oibreoir gnólachta bia atá an phríomhfhreagracht as an tsábháilteacht bia. Tá treoir mhionsonraithe ina tacú leis an Rialachán sin freisin. Uime sin, tá tábhacht ar leith leis an bhfógra ón gCoimisiún maidir le treoir i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas maith ábhartha go háirithe. Ní dhéanann na híoscheanglais le haghaidh uisce athshlánaithe a leagtar síos sa Rialachán seo cosc a chur ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun cloí le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roinnt roghanna neamhchóireála.
|
|
(29)
|
Is mór an fhéidearthacht atá ann fuíolluisce cóireáilte a athchúrsáil agus a athúsáid. D’fhonn athúsáid uisce a chur chun cinn agus a spreagadh, níor cheart, le léiriú úsáidí sonracha laistigh den Rialachán seo, cosc a chur ar na Ballstáit cead a thabhairt úsáid a bhaint as uisce athshlánaithe chun críoch eile, lena n-áirítear críocha tionsclaíochta, críocha a bhaineann le fóillíocht agus críocha comhshaoil, de réir mar a mheastar a bheith riachtanach i bhfianaise dálaí agus riachtanais náisiúnta, ar choinníoll go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe.
|
|
(30)
|
Ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis ábhartha eile, trí fhaisnéis a mhalartú, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais ábhartha Aontais agus náisiúnta.
|
|
(31)
|
Chun muinín a mhéadú in athúsáid uisce, ba cheart faisnéis a sholáthar don phobal. Trí fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach agus uasdátaithe a chur ar fáil maidir le hathúsáid uisce, cheadófaí do thrédhearcacht agus inrianaitheacht mhéadaithe agus d’fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh údaráis ábhartha eile a bhfuil impleachtaí ag an úsáid shonrach uisce ina leith úsáid ar leith as. Chun athúsáid uisce a spreagadh agus d’fhonn geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi na tairbhí a bhaineann leis an athúsáid uisce agus, ar an gcaoi sin, an glacadh atá ag na geallsealbhóirí le cleachtais athúsáide uisce a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta, atá curtha in oiriúint do scála na hathúsáide uisce, a fhorbairt.
|
|
(32)
|
Tá tábhacht thar na bearta le hoideachas agus oiliúint d’úsáideoirí deiridh mar chomhpháirteanna de bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm agus a choinneáil. Ba cheart bearta coisctheacha sonracha i gcoinne nochtadh don duine a bhreithniú sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, amhail úsáid trealaimh chosanta phearsanta, níochán lámh agus sláinteachas pearsanta.
|
|
(33)
|
Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (23) (Coinbhinsiún Aarhus). I dTreoir 2003/4/CE, leagtar síos oibleagáidí fairsinge a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, ach í a iarraidh, agus le faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), cuimsítear faisnéis spásúil a bheith á roinnt, lena n-áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go gcomhlánódh forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí na Treoracha sin agus nach gcruthóidís córas dlí ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, nár dhochar forálacha an Rialacháin seo maidir le faisnéis don phobal agus maidir le faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.
|
|
(34)
|
Tá na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit fíor-riachtanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcoibhneas leis na cuspóirí atá á saothrú aige.
|
|
(35)
|
De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25), ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha don Aontas agus ba cheart an bunús a sholáthar léi le haghaidh measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist amach anseo. Ba cheart an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh sa mheastóireacht, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.
|
|
(36)
|
Leis na híoscheanglais d’athúsáid shábháilte fuíolluisce uirbigh chóireáilte, léirítear an t-eolas eolaíoch atá ar fáil agus caighdeáin agus cleachtais athúsáide uisce a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ráthaítear leis na ceanglais sin gur féidir an t-uisce sin a úsáid go sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, agus ar an gcaoi sin áirítear ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe. I bhfianaise thorthaí na meastóireachta ar an Rialachán sin nó aon uair a cheanglaíonn forbairtí nua eolaíocha agus dul chun cinn teicniúil é, ba cheart don Coimisiún a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú.
|
|
(37)
|
Chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo a leasú. Anuas air sin, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí shonraíochtaí teicniúla a leagan síos freisin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(38)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo atá le soláthar ag na Ballstáit agus maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).
|
|
(39)
|
Is é is aidhm leis an Rialachán seo, inter alia, an comhshaol, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint. Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach a thugtar do Threoir leis an tríú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a eisiamh, i bprionsabal, go bhféadfadh daoine lena mbaineann brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin freisin maidir le Rialachán arb é an cuspóir atá leis sábháilteacht uisce athshlánaithe a ráthú le haghaidh uisciú talmhaíochta.
|
|
(40)
|
Ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh na bearta uile a dhéanamh is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
|
|
(41)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
|
|
(42)
|
Is gá foráil a dhéanamh do dhóthain ama do na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a chur ar bun, agus do na hoibreoirí chun ullmhú chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm.
|
|
(43)
|
D’fhonn athúsáid fuíolluisce cóirithe i gceart a fhorbairt agus a chur chun cinn a mhéid is féidir agus chun feabhas suntasach a bhaint amach in iontaofacht fuíolluisce atá cóirithe i gceart agus i modhanna úsáide atá inmharthana, ba cheart don Aontas tacú le taighde agus le forbairt sa réimse seo tríd an gclár arb é an Fhís Eorpach.
|
|
(44)
|
Féachann an Rialachán seo le húsáid inbhuanaithe uisce a spreagadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tabhairt air féin úsáid a bhaint as cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear clár LIFE, chun tacú le tionscnaimh áitiúla ina bhfuil athúsáid fuíolluisce atá cóirithe i gceart mar chuid dóibh,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A METELKO-ZGOMBIĆ
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0741
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|