2. Is é cuspóir an Rialacháin seo a ráthú go bhfuil an t-uisce athshlánaithe sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, go gcuirfear an geilleagar ciorclach chun cinn, go dtacófar le hoiriúnú don athrú aeráide, agus go gcuirfear le cuspóirí Threoir 2000/60/CE trí aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, ar ghanntanas uisce agus ar an mbrú mar thoradh air sin ar acmhainní uisce, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh.