1. Áiritheoidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe go ndéanfaidh uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I an méid seo a leanas a chomhlíonadh ag an bpointe comhlíonta:
|
(a)
|
na híoscheanglais don cháilíocht uisce a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead ábhartha de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3), a mhéid a bhaineann le cáilíocht uisce.
|
Thar an bpointe comhlíonta, ní bheidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe freagrach a thuilleadh as cáilíocht an uisce.