|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;
(2)
ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear mar sin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a bhfuil an cumas aige gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;
(3)
ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di a bheith rannpháirteach sa Chlár de bhun Airteagal 10;
(4)
ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach aici” eagraíocht idirnáisiúnta ar Ballstáit iad formhór a comhaltaí nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil a ceanncheathrú lonnaithe i mBallstát;
(5)
ciallaíonn “Mol Nuálaíochta Digití Eorpach” eintiteas dlítheanach arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 16 chun na cúraimí faoin gClár a chomhlíonadh, go háirithe trí rochtain dhíreach a thabhairt nó trí rochtain a áirithiú ar shaineolas teicneolaíoch agus saoráidí turgnamhaíochta, amhail trealamh agus uirlisí bogearraí chun claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta a áirithiú, agus trí rochtain ar mhaoiniú a éascú freisin agus tá sé ar oscailt do ghnólachtaí den uile chineál agus méid, go háirithe do FBManna, cuideachtaí meánchaipitilithe agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus do lucht riaracháin phoiblí ar fud an Aontais;
(6)
ciallaíonn “ardscileanna digiteacha” na scileanna agus inniúlachtaí gairmiúla a dteastaíonn eolas agus taithí ina leith chun na teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí arna dtacú leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 7 a thuiscint, a dhearadh, a fhorbairt, a bhainistiú, a thástáil, a chur chun úsáide, a úsáid agus a choinneáil ar bun;
(7)
ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” Comhpháirtíocht Eorpach mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/695;
(8)
ciallaíonn “fiontair bheaga nó mheánmhéide” nó “FBManna” micrifhiontar, fiontar beaga nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 1 );
(9)
ciallaíonn “cibearshlándáil” na gníomhaíochtaí is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;
(10)
ciallaíonn “bonneagair seirbhísí digiteacha” bonneagair lenar féidir seirbhísí líonraithe a sheachadadh go leictreonach, tríd an idirlíon de ghnáth;
(11)
ciallaíonn “Séala Barr Feabhais” lipéad cáilíochta a léiríonn gur sháraigh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí faoin gClár na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre, agus d’fhéadfadh sé tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;
(12)
ciallaíonn “eicsea-scála”, i gcomhthéacs córas ríomhaireachta, an cumas 1018 (10 i gcumhacht 18) snámh-oibríochtaí a dhéanamh in aghaidh an tsoicind. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|