+Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
|
Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacú le geilleagar, earnáil tionsclaíochta agus sochaí na hEorpa a chlaochlú go digiteach agus dlús a chur leis an gclaochlú digiteach sin, na tairbhí a bhaineann leis sin a thabhairt do shaoránaigh, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ar fud an Aontais, agus feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa sa gheilleagar digiteach domhanda agus, ag an am céanna, rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh ar fud an Aontais agus treisiú le huathriail straitéiseach an Aontais, trí bhíthin tacaíocht iomlánaíoch trasearnála trasteorann agus rannchuidiú níos tréine ón Aontas. Cuirfear an Clár chun feidhme i ndlúth-chomhordú le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais de réir mar is infheidhme, agus beidh sé d’aidhm aige:
(a)
acmhainneachtaí na hEorpa a threisiú agus a chur chun cinn sna príomhréimsí teicneolaíochta digití tríd an gcur chun úsáide ar scála mór;
(b)
san earnáil phríobháideach agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail, scaipeadh agus glacadh theicneolaíochtaí digiteacha na hEorpa a leathnú, lena gcuirtear claochlú digiteach agus rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha chun cinn;
(c)
chun tacú le tionscadail, seirbhísí, inniúlachtaí agus feidhmchláir dé-úsáide agus dlús a chur leo, lena neartaítear athléimneacht na sochaí.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Beidh sé chuspóir shonracha idirghaolmhara ag an gClár:
▼B
(a)
Cuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta
(b)
Cuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga
(c)
Cuspóir Sonrach 3 - an Chibearshlándáil agus Iontaoibh
(d)
Cuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna Digiteacha
(e)
Cuspóir Sonrach 5 - Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na hAcmhainneachta Digití agus Idir-inoibritheacht.
▼M1
(f)
Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí.
▼B
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|