|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacú le geilleagar, earnáil tionsclaíochta agus sochaí na hEorpa a chlaochlú go digiteach agus dlús a chur leis an gclaochlú digiteach sin, na tairbhí a bhaineann leis sin a thabhairt do shaoránaigh, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ar fud an Aontais, agus feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa sa gheilleagar digiteach domhanda agus, ag an am céanna, rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh ar fud an Aontais agus treisiú le huathriail straitéiseach an Aontais, trí bhíthin tacaíocht iomlánaíoch trasearnála trasteorann agus rannchuidiú níos tréine ón Aontas. Cuirfear an Clár chun feidhme i ndlúth-chomhordú le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais de réir mar is infheidhme, agus beidh sé d’aidhm aige:
(a)
acmhainneachtaí na hEorpa a threisiú agus a chur chun cinn sna príomhréimsí teicneolaíochta digití tríd an gcur chun úsáide ar scála mór;
(b)
san earnáil phríobháideach agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail, scaipeadh agus glacadh theicneolaíochtaí digiteacha na hEorpa a leathnú, lena gcuirtear claochlú digiteach agus rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha chun cinn;
(c)
chun tacú le tionscadail, seirbhísí, inniúlachtaí agus feidhmchláir dé-úsáide agus dlús a chur leo, lena neartaítear athléimneacht na sochaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|