+Airteagal 4 Cuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.

Airteagal 4 Cuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a) 

bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí comhtháite éileamhdhírithe agus feidhmchlárthiomáinte den chéad scoth a chur chun úsáide, a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus a oibriú, a bheidh so-rochtana ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna, is cuma cén Ballstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus a bheidh so-rochtana chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488;

(b) 

teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht a chur chun úsáide chun éiceachóras HPC comhtháite de chuid an Aontais a thógáil, lena gcuimseofar gnéithe éagsúla de na deighleoga sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus scileanna digiteacha, ar éiceachóras é ina mbeidh ardleibhéal slándála agus cosanta sonraí;

(c) 

bonneagar iar-eicsea-scála a chur chun úsáide agus a oibriú, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí agus le bonneagair thaighde don eolaíocht ríomhaireachta agus forbairt na gcrua-earraí agus na mbogearraí is gá le haghaidh an chur chun úsáide sin laistigh den Aontas a spreagadh;

▼M3

(d) 

monarchana IS agus glúin nua de Ghigeamhonarchana IS a chur chun úsáide agus a oibriú, lena speisialaítear i bhforbairt, oiliúint agus reáchtáil na samhlacha agus na bhfeidhmchlár IS is casta, an-mhór, lena n-áirítear na crua-earraí agus bogearraí is gá le haghaidh an chuir chun úsáide sin.

▼B

Airteagal 4 2.
Is trí bhíthin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle, a chuirfear chun feidhme, den chuid is mó, na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.