|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:
(a)
bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí comhtháite éileamhdhírithe agus feidhmchlárthiomáinte den chéad scoth a chur chun úsáide, a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus a oibriú, a bheidh so-rochtana ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna, is cuma cén Ballstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus a bheidh so-rochtana chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488;
(b)
teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht a chur chun úsáide chun éiceachóras HPC comhtháite de chuid an Aontais a thógáil, lena gcuimseofar gnéithe éagsúla de na deighleoga sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus scileanna digiteacha, ar éiceachóras é ina mbeidh ardleibhéal slándála agus cosanta sonraí;
(c)
bonneagar iar-eicsea-scála a chur chun úsáide agus a oibriú, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí agus le bonneagair thaighde don eolaíocht ríomhaireachta agus forbairt na gcrua-earraí agus na mbogearraí is gá le haghaidh an chur chun úsáide sin laistigh den Aontas a spreagadh;
(d)
monarchana IS agus glúin nua de Ghigeamhonarchana IS a chur chun úsáide agus a oibriú, lena speisialaítear i bhforbairt, oiliúint agus reáchtáil na samhlacha agus na bhfeidhmchlár IS is casta, an-mhór, lena n-áirítear na crua-earraí agus bogearraí is gá le haghaidh an chuir chun úsáide sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|